Seoladh an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’ leis an t-údar Orna Ní Choileáin agus a d’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life i mí na Mhárta na bliana seo.
Bhí an-ráchairt ar an gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf le Orna Ní Choileáin a d’fhoilsigh Cois Life in 2009 agus ní aon ionadh go bhfuil leabhar eile draíochtiúil dá cuid i gcló. Tá bua na scéalaíochta go nádúrtha inti agus tá roinnt mhaith gradam liteartha bronnta uirthi. Is údar don aos óg freisin í. Is ábhar spéise di domhan na vaimpírí agus sa saothar seo is mian léi vaimpír an 21ú haois a chur os comhair páistí an lae inniu.
An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun an ghairdín agatsa? Vaimpír faoi leith is ea Marius a chónaíonn i ngairdín Ailfí, garsún óg. B’fhearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis!
Tá an leabhar seo atá foilsithe ag Cois Life feiliúnach do dhaoine óga fásta agus do dhaoine fásta óga de gach aois!
An tseachtain seo tugann muid deis iontach do dhuine amháin cóip a bhuachan -níl le déanamh agat ach an cheist shimplí thíos a fhreagairt.
Ceist na seachtaine seo: Ainmnigh údar an leabhar Ailfí agus an Vaimpír’.
• Anna Heussaff
• Mícheál Ó Ruairc
• Orna Ní Choileáin
• Pádraig Ó Siadhail
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh meán lae, 19 Iúil 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Máiréad Uí Dhomhnaill as Co. Átha Cliath a bhuaigh leabhair leis An Gúm san eagráin seo caite.

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Iúil 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
An nuacht is déanaí: An Bille is neamh-ullmhaithe á bhrú tríd an Seanad
An nuacht is déanaí: Deiseanna fostaíochta le Gaeilge san Aontas Eorpach
Féilte: Scoil Samhraidh i nDeisceart Thiobraid Árann