Cuirfear tús leis an gcur agus cúiteamh faoin Bhille Gaeltachta i dTeach Laighean an tseachtain seo nuair a bheidh an bille faoi chaibidil sa Seanad tráthnóna Déardaoin.
Is í seo an chéim is déanaí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus beidh go leor ceisteanna ann maidir le feidhmeanna agus cumhachtaí na bhforas stáit a bheidh freagrach as na struchtúir úra seo a riaradh.
Tá dhá phríomhaidhm leis an mbille sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.
Bord Údarás na Gaeltachta
Tá athruithe móra i ndán do chur chuige Bhord an Údaráis agus tiocfaidh laghdú ar an líon duine a bheidh ar an mBord ón scór comhalta atá ann faoi láthair.
Tugtar le fios sa Bhille go mbeidh Cathaoirleach agus aon comhalta dhéag eile le ceapadh ar an mBord. Tá imní léirithe ag an bhfreasúra cheana féin gur chéim siar atá sa Bhille nua seo mar go mbeidh deireadh le toghcháin an Údaráis.
Is é an tAire a cheapfaidh an Cathaoirleach agus an seisear eile a bheidh ar Bhord an Údaráis. Maidir leis na hainmniúcháin eile, tabharfar an deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a cheapadh nó ionadaí eile a cheapadh sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil.
Ach ní bheidh an deis chéanna ag comhairlí contae eile ina bhfuil limistéir bheaga Gaeltachta lena n-áirítear Contae na Mí, Contae Phort Láirge agus Contae Chorcaí mar beidh an t-ainmniúchán sin roinnte idir na ceantair sin ar bonn timthriallach gach dhá bhliain.
Ní mór do na comhaltaí a léiriú go bhfuil taithí nó cumas léirithe acu I ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis agus go bhfuil sé ar a gcumas acu na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i nGaeilge.
Limistéir Ghaeltachta
Thug an tAire Stáit Dinny McGinley le fios an tseachtain seo caite go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí seo.
“Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.”
Mar sin iarrfar ar eagraíochtaí atá lonnaithe sna 19 limistéir Ghaeltachta mar atá beartaithe faoin bpróiseas pleanála teanga iarratas a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta chun páirt a ghlacadh sa phróiseas agus plean teanga a ullmhú.
Sa phlean sin déanfar cur síos ar na socruithe a bheidh ann maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, agus tráchtála de réir critéir pleanála teanga.
Tabharfaidh an tÚdarás cúnamh d’eagraíochtaí atá ag cur pleananna le chéile ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú.
Ina dhiaidh sin beidh sé de dhualgas ar an Roinn athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá bainte amach faoin bplean teanga.
Bailte Seirbhíse Gaeltachta
Tá castachtaí áirithe i gceist le coincheap na mbailte seirbhíse Gaeltachta ar an ábhar go bhféadfadh idir Foras na Gaeilge nó an tÚdarás a bheidh ag plé leis an mbaile sin.
Tugtar bailte seirbhíse Gaeltachta ar bhailte ina mbeidh seirbhísí poiblí le haghaidh an limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus saoráidí sóisialta agus tráchtála a théann chun tairbhe do na limistéir sin.
Beidh sé faoi na heagraíochtaí féin iarratas a dhéanamh chuig Údaras na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge agus plean teanga a sholáthar dóibh. Is cosúil go mbeidh Foras na Gaeilge ag plé don chuid is mó le bailte atá suite in áiteanna eile seachas limistéar pleanála teanga Gaeltachta.
Líonraí Gaeilge
Is léir go bhfuil athrú tagtha ar an tuiscint a bhí ar an ‘Gaeltacht Gréasáin’ mar a fógraíodh i Mí an Mheithimh 2011 agus anois is é ‘líonraí Gaeilge’ a thugtar ar phobail a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus a bheidh sásta plean teanga a chur i gcrích.
Mar sin beidh na líonraí seo pobalbhunaithe in áit a bheith bunaithe ar shainmhíniú tíreolaíoch agus beidh sé faoi eagraíochtaí sna pobail sin plean teanga a ullmhú le cúnamh Fhoras na Gaeilge.
Arís beidh sé de chúram ag an Aire an plean teanga deireanach a cheadú agus is é Roinn na Gaeltachta a rachadh i mbun maoirseoireachta tar éis don Aire ordú a dhéanamh.
In ainneoin go bhfuil athstruchtúrú suntasach le déanamh go náisiúnta faoin bhille seo, tá Roinn na Gaeltachta den tuairim go mbeidh 100,000 sa bhliain le sábháil ag an státchiste dá bharr.
Tá Bille na Gaeltachta 2012 le leamh anseo
‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais
Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
‘Uisce Éireann’ molta in áit ‘Irish Water’ ag Comhchoiste Oireachtais
Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011
As na Nuachtáin: Major reform at RTE to cut costs includes consolidating Irish services
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaeltacht