D’fhógair an tAire Phil Hogan i mí Aibreán go mbunófar ‘Irish Water’, cuideachta faoi scáth Bhord Gáis, a thacóidh le rialacháin nua a thiocfaidh chun cinn níos déanaí sa bhliain ag baint le soláthar agus le méadrú uisce.
I mí Aibreáin, mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge don Aire Phil Hogan teideal Gaeilge feiliúnach don chuideachta a chur i bhfeidhm, agus mhol siad an t-ainm “Uisce Éireann”.Chuir eagrais Ghaeilge fáilte le déanaí roimh mholtaí sa tuarascáil is déanaí ar sholáthar uisce leis an gComhchoiste Um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht.
Mar fheagra ar cheist Dála ag deireadh na bliana seo caite, dúirt an tAire Phil Hogan go mbeadh sé sásta teideal Gaeilge a chur in áit ‘Irish Water’. I bhfianaise an fhreagra sin, agus moltaí an Chomhchoiste Dála le déanaí táthar ag súil anois gurb é an t-ainm Gaeilge “Uisce Éireann” a bheidh in úsáid nuair a chlárófar an fóntas poiblí úr amach anseo.
Tharla tuilleadh dul chun cinn an tseachtain seo nuair ainmníodh cainteoir dúchais Gaeilge agus iar-phreasoifigeach de chuid an Rialtais, Eoghan Ó Neachtain mar ceannaire gnóthaí pobail agBord Gáis agus ag díriú ar ‘Uisce Éireann’. As Baile an tSagairt ar an Spidéal d’Eoghan Ó Neachtain agus chaith sé seal ag obair sna fórsaí cosanta agus sna meáin. Tá sé le tús a chur leis an bpost an mhí seo chugainn.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 22 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Gnáthlá oibre
Comhlachtaí poiblí ag briseadh an dlí
Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport.com ar Twitter: #Gaeilge