An Gaeilgeoir ón bpríomhchathair tú? An gcuireann babhla mór cadal ag deireadh an lae ar do shuaimhneas tú? An bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do réalta teilifíse?
Tá daoine á lorg le páirt a ghlacadh i sraith úr teilifíse den teideal, ‘Bia Dúchais’.
Beidh an tsraith nua do TG4 bunaithe ar bhia dúchais na hÉireann agus an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar dhaoine ó thaobh cuimhní agus traidisiúin de.
Pléifear bia traidisiúnta ar nós muiceola, bradáin, meala, arbhair agus prátaí le linn na sraithe ach is é fíor sprioc an chláir ná cuimhní dhaoine a spreagadh agus iad ag ithe bia áirithe. Na scéalta pearsanta a bhaineann leis na béiltí a fhiosrú agus na naisc idir an bia agus oidhreacht nó traidisiúin a muintire a nochtadh.
Táthar ag lorg daoine faoi láthair le bheith páirteach sa mhír ina bpléifear Cadal Bhaile Átha Cliath agus na cuimhní a spreagann an béile áirithe seo i muintir na príomhchathrach.
Más mian leat a bheith páirteach sa chlár nua spéisiúil seo, nó má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le Karen ag Marmalade Films ar research@marmaladefilms.ie nó (01) 416 3352.
Foilsithe ar Gaelpot.com - 28 Meitheamh 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Rás Aigéin Volvo i gCathair na dTreabh
As na Nuachtáin - Irish language media make a Rí-rá about going online
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Bia #Cadal