Cloisfear scoth an cheoil ar fud bhaile Chabháin an mhí seo nuair a reáchtálfar Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá clár d’imeachtaí Gaeilge beartaithe don tseachtain idir 12 – 19 Lúnasa 2012.
Baileoidh muintir cheol thraidisiúnta na hÉireann i gcroílár chontae na lochanna don uair dheireanach i mbliana sula dtabharfar aghaidh ar Dhoire i 2013.
Tá clár imeachtaí iontach spraíúil leagtha amach ag Seachtain na Gaeilge don tseachtain agus is cinnte go ndéanfar freastal ar gach leibhéal Gaeilgele linn na seachtaine.
Seolfar Seachtain na Gaeilge ar an Máirt, 14 Lúnasa, agus titfidh Lá na Gaeilge amach ar an gCéadaoin, 15 Lúnasa.
Tá clár fuinniúil leagtha amach don lá speisialta le maidin caife, tráth na gceist, ceardlann damhsa agus céilí mór leis an ngrúpa Goitse.
Beidh seó puipéad ar siúl do na daoine óga agus beidh ceol comhaimseartha le cloisteáil ó Dháithí ó Drónaí agus Bubba Shakespeare & GMC.
Reáchtálfar turas treoraithe dátheangach ar an Déardaoin ar a bpléifear stair agus oidhreacht cheantar Iarthar Chabháin agus Iar-Ghaeltacht Bhreifne.
Mar is gnáth, beidh an baile lán go béal le gach cineál ceoltóra idir óg agus aosta, bhunleibhéal agus ardleibhéal. Líonfar na sráideanna le beocht an cheoil agus leanfar leis tríd an oíche i ngach tábhairne sa bhaile.
Beidh ranganna, seisiúin sráide, rince agus amhránaíocht ar siúl i ngach áit le linn na féile agus anuas ar chultúr an cheoil, déanfar cultúr na Gaeilge a cheiliúradh ann freisin.
Beidh imeachtaí ar siúl gach lá idir léachtaí, amhránaíocht agus ceardlanna éagsúla. Beidh imeachtaí do dhaoine óga ar siúl gach lá mar chuid de Chlub na nÓg agus cuirfear fáilte roimh chách a gcuid cúpla focal a chleachtadh ag Bain Triail As, ciorcal comhrá do gach leibhéal Gaeilge.
Is féidir gach eolas ar na himeachtaí seo agus imeachtaí eile a bheidh ar siúl ag an bhFleadh a fháil anseo.
Beidh seastán eolais lonnaithe in Ionad na Gaeilge le linn na féile ag a mbeidh gach eolas agus cabhair ar fáil.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Lúnasa 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Oíche Ghaelach in Áras Éanna
Trí Scór Bliain á cheiliúradh ag Daonscoil na Mumhan
As Na Nuachtáin: An Ghaeilge ag láidriú i Nua-Eabhrac
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Fleadh2012