Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Oidhreacht thógtha na hÉireann á ceiliúradh ag Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2012

$
0
0

Díreofar ar oidhreacht struchtúrach na hÉireann agus an saibhreas a bhaineann léi an mhí seo nuair a reáchtálfar Seachtain Oidhreachta Náisiúnta idir 18-26 Lúnasa.

Eagraítear na céadta imeachtaí gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht na tíre. Is é cuspóir na seachtaine ná aird a tharraingt ar an saibhreas a bhaineann le hOidhreacht na hÉireann, idir chultúrtha, nádúrtha agus thógtha, agus cé chomh tábhachtach is atá sé í a chosaint.

Is léir go bhfuil ag éirí leo an sprioc sin a bhaint amach agus méadú suntasach tagtha ar líon na n-imeachtaí san fhéile óna bunú. Cláraíodh 500 imeacht sa bhliain 2005 agus is cinnte go mbeidh 2012 ar an mbliain is mó ó shin le breis is 1400 imeacht cláraithe agus tuairim is 600,000 duine ag glacadh páirte.

Leagtar clár den chéad scoth amach gach bliain agus níl athrú ar bith ar an scéal sin i mbliana.

Roghnaíodh oidhreacht thógtha na hÉireann mar théama na seachtaine 2012 agus déanfar foirgnimh stairiúla na tíre, nach mbíonn fáil orthu de ghnáth, a oscailt go poiblí le linn na seachtaine, Halla Máisiún Áth Luain agus Iarsmalann na bPrintíseach, Doire ina measc.

Beidh turais threoraithe ar siúl i bhfoirgnimh stairiúla ar fud na tíre mar shampla Lonnaíocht Mhanacúil Dhomhnach Mór, Co. na Mí, Ardeaglais Naomh Pádraig I mBaile Átha Cliath agus Caisleán Dhún Sandail i nGaillimh.

Cé go mbeidh béim ar an oidhreacht thógtha beidh imeachtaí a bhaineann le gach gné den oidhreacht ar siúl ó bhun barr na tíre. Beidh léachtaí, margaí, ranganna, siúlóidí agus neart eile ar siúl a chlúdóidh gach uile ábhar idir cheol, ealaín, bhia, spórt, thalmhaíocht, bhádóireacht agus gach gné eile a bhfuil baint aici le hoidhreacht na hÉireann.

Tabharfar comhairle iontach do dhaoine maidir lena gcraobh ghinealach a fhiosrú ag cainteanna a bheidh ar siúl ar fud na háite nó is féidir seansaol na hÉireann a bhlaiseadh duit féin ag ceardlanna sciathdóireachta nó ag taispeántas gabha.

Le breis is 1400 imeacht ar siúl, is cinnte go ndéanfar freastal ar na sluaite a thiocfaidh amach le linn na seachtaine lena gcuid ómóis a léiriú do shaibhreas agus d’ábharthacht oidhreacht an oileáin seo.

© Foilsithe ar Gaelport.com 07 Lúnasa 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Cúrsa Gaeilge cónaithe i Nua-Eabhrac

Comórtas Litríochta Mhanchain

Scoil Samhraidh Merriman

 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>