Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fáilte curtha roimh thorthaí Gaeilge na hArdteiste

$
0
0
Ní hé amháin gur tháinig méadú ar an líon dalta a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal sa scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 2012 - d’éirigh le céatadán níos airde grádanna A a bhaint amach chomh maith.
Bronnfar torthaí na hArdteiste ar 56,000 dalta scoile inniu agus cuireadh fáilte go forleathan roimh an fhógra gur tháinig méadú 35% ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú matamaitice  ag an ardleibhéal i mbliana.

Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin gur tháinig méadú 11% ar an líon duine a thug faoin nGaeilge sa scrúdú.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD  fáilte roimh an scéal agus dúirt sé gurb iad na hathruithe i mbéaltriail na hardteiste is mó ba chúis leis an athrú sin.

De réir staitisticí atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar maidin, rinne 42,965 dalta scrúdú sa Ghaeilge san Ardteist. Ina measc, thug 15, 937 dalta faoin scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal  Sa scrúdú ardleibhéal fuair 7.3% de na hiarrthóirí grád A1 agus fuair 11.3% de na hiarrthóirí grád B1.

San iomlán tugadh grád A do 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal i mbliana, méadú suntasach go maith ón 13.9% ar tugadh grádanna A dóibh sa bhliain 2011.

Thug 22,875 faoin scrúdú ag an ngnáthleibhéal agus fuair 74.2% de na hiarrthóirí grád A, B nó C ag an gnáthleibhéal.  Ghlac breis agus 4,000 dalta leis an bpáipéar Gaeilge ag an mbonn leibhéal.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Oideachais gur tháinig athrú i mbliana ar an mbealach ina raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus go raibh níos lú béime ar chúrsaí gramadaí sa mhéid is go raibh an bhéim anois  ar an nGaeilge labhartha.

Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal atá ann anois agus tá 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe.
Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: fáiltiú, léamh na filíochta, cur síos ar shraith pictiúr agus comhrá.

Léiríodh imní roimhe seo áfach go raibh an t-ábhar á shimpliú ag leibhéal na hArdteiste agus nárbh scrúdú dúshlánach go leor á chur os comhair na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

© Foilsithe ar Gaelport.com 15 Lúnasa 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An Ghaeilge leictreach

Albain: Turas na bhFilí

As na Nuachtáin: RTÉ chun atheagar a dhéanamh ar sheirbhisí nuachta Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #oideachas



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>