Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Todhchaí uile-oileáin na Gaeilge le plé ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge

$
0
0

Reáchtálfar Seimineáir Oireachtais Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn, 3 Samhain 2012 in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn,  áit a mbeidh  todhchaí na Gaeilge i dTuaisceart Éirinn agus sa Ghaeltacht idir chamáin ag neart aoichainteoirí spéisiúla.

Is é Uachtarán an Chonartha, Donnchadh Ó hAodha a bheas mar chathaoirleach ar an seimineáir ag a mbeidh Carál Ní Chuilín, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta an Tuaiscirt, agus an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich i láthair le léargas a thabhairt ar an ábhar.

Déanfar plé spéisiúil ar pholasaithe Rialtas an Deiscirt i leith na Gaeilge agus go háirithe todhchaí na teanga ó foilsíodh Acht na Gaeltachta níos túisce sa bhliain.  Beidh an tAire Carál Ní Chuilín ag tabhairt léargais ar thionscadal Líofa 2015 a seoladh sna sé chontae in 2011 agus an próiseas comhairliúcháin poiblí atá faoi lán seoil sa Tuaisceart i láthair na huaire maidir le bunú straitéis don Ghaeilge.

Déanfaidh Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh tuairimí phobal an Tuaiscirt a phlé agus beidh Cabríní de Barra, urlabhraí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag cur síos ar thodhchaí na teanga ó thaobh phobal na Gaeltachta de. 

Plé oscailte a bheas ann ina dtabharfar deis don lucht freastail a gcuid moltaí agus a gcuid ceisteanna a chur chuig an bpainéal.

Cuirfear tús leis an gcaint ag 11.00rn sa Seomra Glendown agus seolfar Bliain na Gaeilge 2013, www.gaeilge2013.ie, féile bhliana leis an teanga a spreagadh i measc phobal na tíre, ag fáiltiú speisialta a reáchtálfar i ndiaidh an tseimineáir sa Seomra Glendowan in Óstán Mount Errigal ag 1.00in. 

Tá gach eolas ar fáil ó 01 4757401 agus seiminear@cnag.ie

©Foilsithe ar Gaelport 23 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tuairim an Phobail ag teastáil do sheirbhísí Gaeilge ó Thuaidh

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

Seoladh Oifigiúil: Céim Chun Tosaigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #CnaG #Oireachtas


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945