Duine de mórfhilí na linne is ea Máire Mhac an tSaoi agus samhlaítear a féith cruthaitheach le leithéidí Máirtín Ó Direáin agus Seán Ó Riordáin.
Déantar staidéar ar a saothar ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus ar shiollabais Ghaeilge sa tríú leibhéal.
Rugadh i mBaile Átha Cliath í sa bhliain 1922 ach ba i nGaeltacht Dhún Chaoin a d’fhoghlaim agus ar chuir sí snas canúnach ar a cuid Gaeilge.
Foilsíodh an chéad saothar dá cuid in 1956 agus í ag scríobh go leanúnach ó shin.
I láthair ag an ócáid cheiliúrtha, beidh na filí An Dr Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Cathal Ó Searcaigh, An Dr Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock, agus na scoláirí An Dr Regina Uí Chollatáin, An Dr Máirín Nic Eoin agus An Dr Ríona Ní Fhrighil.
Cuirfear deochanna agus sólaistí ar fáil agus beidh ceol beo le cloisteáil ar an oíche.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 25 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Clann Cheolmhar McCarthy sa Clé Club
Todhchaí uile-oileáin na Gaeilge le plé ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge
Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge