Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Siamsaíocht agus Ceol le linn Fhéile na Mí 2012

$
0
0

Is gearr uainn arís Féile na Mí na bliana seo agus beidh an fhéile ar siúl i gCo. na Mí ón 14-24 Samhain agus beidh neart imeachtaí éagsúla á reáchtáil ar fud an Chontae i rith an ama sin.

Mar chuid d’ imeachtaí atá ag dul ar aghaidh le linn fhéile na bliana seo beidh neart siamsaíochta, seisiúin cheoil mar aon le sean-nós ar siúl i Ráth Chairn.

Beidh neart comórtas éagsúil agus oíche mhór amhránaíochta ar an sean-nós ar siúl sa Chlub ar feadh na seachtaine. Ar an Aoine 14 Samhain beidh an Oscailt Oifigiúil i mBaile Átha Buí in Óstán an Darnley áit a mbeidh ceol, amhráin agus damhsa ar an sean-nós agus ar ndóigh beidh sólaistí ar fáil.

Ar an Déardaoin, 15 Samhain beidh Ciorcal Comhrá agus seisiún ceoil ar siúl sa Railway Bar sa Cheanannas.

Dé hAoine, 16 Samhain beidh comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga. Agus beidh coirn éagsúla á mbronnadh ar na buaiteoirí agus i rith an lae ar an Satharn beidh comórtas damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga á reáchtáil agus bronnfar Corn Chuimhneacháin Mhicí Mhic Dhonncha agus níos déanaí sa tráthnóna beidh an comórtas Damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta agus bronnfar Corn Chuimhneacháin Stiofáin Seoighe ar an mbuaiteoir.

Ag 8:00pm Dé Sathairn beidh Comórtas Amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine fásta, Corn Chuimhneacháin Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha agus leanfar le ceol agus siamsaíocht i ndiaidh an chomórtais.

Ar an Aoine, 23 Samhain beidh dinnéar na féile ar siúl i mbialann Dunderry Lodge agus le linn na hoíche seo bronnfar Gradam Uí Ghramhnaigh agus Gradam Cultúrtha na Gaeltachta.

Ar an Satharn 24 Samhain beidh comórtas bodhráin do dhaoine os cionn 16 bliana déag ar siúl i gcuimhne agus in ómós do Martin Kerrane, ceoltóir óg den scoth as Ráth Chairn a fuair bás cothrom an ama seo cúig bliana ó shin.

Tá ticéad do dhinnéar na féile ar fáil ó oifig an Chomharchumainn mar aon le tuilleadh eolais maidir leis na himeachtaí ag 046 943 2068 / www.rathcairn.com

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceardlann d’fhilí óga á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Bheag Filíochta 2012

An Chéad Fhíschluiche as Gaeilge le fáil anois

Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>