Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

“Cur i gcéill” a deir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi chónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman

$
0
0

“Cur i gCéill” atá tugtha ag Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, ar ráiteas an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., i ndáil le gníomhartha athchóirithe don Choimisinéir Teanga.

I ráiteas a d’eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tráthnóna inniu, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich:
“Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais inniu, beidh Coimisinéir Teanga atá ceaptha go reachtúil lonnaithe sa Ghaeltacht i gcónaí agus leanfaidh an Coimisinéir le feidhmiú a chumhachtaí reatha go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003”.

I mí na Samhna 2011, chomhaontaigh an Rialtas Plean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin T.D., i láthair. Ó shin, bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i dteagmháil leis an Aire Howlin, agus leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., leis an Aire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., agus le Comhchoiste Dála ag cur imní na Comhdhála faoin gcinneadh seo in iúl sna téarmaí is láidre.

De réir an ráitis a d’eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta um thráthnóna, tar éis tréimhse de mheasúnú, de chomhairliúchán agus d'athbhreithniú, bhreathnaigh an Rialtas ar an dul chun cinn atá déanta go dáta, agus d’aontaigh siad réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i gcrích i ndáil le hOifig an Choimisinéara Teanga mar atá: 

  • Comhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman.
  • Aistreofar cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 chuig an Ombudsman agus tarmligfear iad chuig an gCoimisinéir Teanga faoin reachtaíocht leasaithe.
  • Leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Ag labhairt dó ar fhógairt na ngníomhartha thuas, léirigh Stiúrthóir na Comhdhála díomá nár tugadh aitheantas cuí don tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara i gcomhlíonadh na ndualgas leagtha ar an oifig sin go sonrach faoi Chuid 4, Alt 20-30, d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Dúirt Kevin De Barra: “Níl na mionsonraí soiléir go fóill conas mar a chomhcheanglófar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman ó thaobh cúrsaí acmhainní de. Ní thuigtear cén fáth a n-aistreofaí cumhachtaí ó oifig amháin go hoifig eile mura bhfuil siad ach le tairmligean go reachtúil díreach ar ais arís”.

“Níor mhol tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus an Chláir Chaiteachais, de chuid Mhic Cárthaigh, nó Tuarascáil an Bhoird Snip Nua, mar is fearr aithne air, go mbeadh aon airgead le sábháil as Oifig an Choimisinéara a chónascadh le haon áisíneacht stáit eile. Má tá an Rialtas ag maíomh go mbeidh airgead le sábháil as an ngníomh seo, ní fheictear dom ach gur cur i gcéill é sin” arsa De Barra.

© Preasráiteas de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Foilsithe ar Gaelport.com 31 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:


Lean an scéal seo ar @Gaelport agus ar Twitter: #Gaeilge

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>