Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An bua ag Futa Fata ag na Gradaim Idirlín

$
0
0
A fhad is a bhí na gradaim á dtabhairt amach go flúirseach ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn, bhí ceiliúradh eile i mBaile Átha Cliath
Déardaoin 1 Samhain, ar na buaiceanna atá bainte amach ar lucht na Gaeilge ar líne. Reáchtáladh Gradaim Idirlín na hÉireann 2012 i Teach an Ardmhéara ar Shráid Dhásain agus bhailigh móruaisle na meán digití san fhoirgneamh stairiúil don ócáid.

Bronnadh an gradam don Suíomh Gaeilge is Fearr ar shuíomh gréasáin an fhoilsitheora Futa Fata ag an ócáid agus ghlac dearthóirí an tsuímh, Modus an gradam ar son an chomhlachta.

Tá Futa Fata lonnaithe sa Spidéal i gContae na Gaillimhe agus is ar pháistí agus daoine óga atá siad dírithe go príomha.

Sa chatagóir chéanna le Futa Fata bhí TG4, Foinse, Gaelscéal, Gaillimh le Gaeilge, Óglaigh na hÉireann agus Star Aistriúchán.

D’fhonn forbairtí i réimse na nuatheicneolaíochta trí Ghaeilge a chur chun cinn, ba é Gaelport.com a bhí ina urraitheoir ar an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr i mbliana.

Bronnadh 27 gradam ar an oíche agus ar na buaiteoirí ba mhó bhí Donedeal.ie ( An Suíomh Gréasáin is Áisiúla in Éirinn); Entertainment.ie (An Suíomh Gréasáin is Fearr in Éirinn); The Journal (An Foilseachán is Fearr ar líne); Golden Plec (An Suíomh Gréasáin is Fearr i réimse an Cheoil) agus DublinTown.ie  (An Suíomh Gréasáin is Nuálaí in Éirinn). Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí ar fáil le léamh anseo.

Go comhthreomhar leis na gradaim seo, bhí Gradaim Eircom Spider ar siúl an oíche chéanna i mBaile Átha Cliath, áit ar tugadh aitheantas do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí a bhíonn ag obair san earnáil tráchtála ar líne.

Chuir an dá searmanas críoch le séasúr na ngradam don bhliain seo agus beimid go léir ag súil go mór leis na forbairtí atá le titim amach sa réimse seo san athbhliain.

 
San íomhá seo tá Niamh Ní Shúilleabháin (Gaelport.com) le Eamon Donovan, David Henry agus Ruairí Thunder (Modus IT)
Íomhá le Irish Web Awards/pix.ie

© Foilsithe ar Gaelport.com 05 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Físeán: Seoladh Abair.ie ag Oireachtas na Samhna

As na Nuachtáin: Many a knot tied at Irish festival

Cursaí: Gearrchúrsa Gaeilge i mBaile an Fheirtéaraigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #webawards12

 


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>