Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Teip na Roinne Coimirce Sóisialaí marcanna a bhronnadh don Ghaeilge á phlé ag Comhchoiste Dála

$
0
0

Ag cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúdaithe, Formhaoirsiú agus Achainíochta um thráthnóna, pléifear moltaí ó thuarascáil de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga, faoi Fo-Alt 26(5), d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cuireadh an tuarascáil seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tar éis gur theip ar an Roinn Coimirce Sóisialaí moltaí imscrúdaithe a rinneadh faoi Fo-Alt 21(c) den Acht Teanga a chur i bhfeidhm.  Níor chuir an Roinn Coimirce Sóisialaí marcanna bónais san áireamh ag an bpointe cuí den phróiseas, agus arduithe céime á mbronnadh, dóibh siúd a raibh inniúlacht sa Ghaeilge acu.  Tharla seo faoi dhó, in dhá chomórtas earcaíochta sa Roinn le blianta beaga anuas. 

Os comhair an Choiste Oireachtais inniu, ceisteofar ionadaithe na Roinne Coimirce Sóisialaí, ionadaithe na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ionadaithe ón gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí mar aon le hionadaithe ón tSeirbhís um Cheapacháin Poiblí. 

Bhí deis ag an Roinn Coimirce Sóisialaí achomharc  a dhéanamh ar imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga ag an am, ach níor bhac siad le tabhairt faoi seo.  Ba ghá mar sin don Choimisinéir Teanga, an cás a bhrúigh chun cinn, agus tuarascáil speisialta ar an ábhar, a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, rud a déanadh i Márta 2012, le cinntiú go gcomhlíonfadh Comhlachtaí Poiblí forálacha faoin Acht Teanga.

Is ar Thithe an Oireachtais a thitfidh sé anois aon chéimeanna breise a ghlacadh, má mheastar gur gá sin. 

Cuirfear tús leis an bplé seo i dTeach Laighean inniu ag 4:30pm, agus is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a leanúint, ach brúigh ar an nasc seo: http://bit.ly/24YmPI   

© Preasráiteas de chuid ChomhdháilNáisiúnta na Gaeilge

Foilsithe ar Gaelport.com 07 Samhain2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oifig Neamhspleách an Choimisinéara Teanga?

Bord Nua Údarás na Gaeltachta

Lean an scéal seo ar @Gaelport agus ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>