Tá an Éigse seo ag ceiliúradh bliana is fichid ar an bhfód i mbliana agus gach bliain déantar ceiliúradh ar shaothar agus ar shaol an amhránaí sean-nóis Diarmuid O Súilleabháin. Rugadh Diarmuid Ó Súilleabháin i gCúil Aodha le linn an tsneachta mhóir i 1947, agus tógadh é i dteaghlach ina raibh ceol agus amhránaíocht le cloisteáil aige ón gcliabhán. Chan sé na hamhráin mhóra ó Mhúscraí, sa stíl faoi leith a thug sé leis ó na glúnta a d’imigh roimhe.
Bhuaigh sé an chéad duais sa chomórtas sean-nóis ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa bhliain 1974, agus glactar leis go forleathan go raibh sé ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis ab fhearr sa tír.
Le linn na hÉigse damhsa seo beidh neart imeachtaí sóisialta idir dhamhsa seit agus chéilí agus cheol bríomhar, léacht mar aon le ceolchoirm mór na hÉigse ar siúl. Beidh tráthnóna mór de cheol bríomhar i dteannta an amhránaí Ciarán Ó Geallbháin agus a chairde ar an Satharn.
Beidh neart ceoil agus amhrán freisin le ceoltóirí agus aíonna áitiúla ina measc beidh Conal Ó Gráda, Dainní Mhaidhic Ó Súilleabháin, Máire Ní Ghráda, Eoiní Mhaidhc Ó Suilleabháin, Con Fada Ó Drisceoil agus go leor ceoltóirí eile.
I mbun ceardlainne ag Éigse na bliana seo ar an Satharn beidh scoth na gceoltóirí ina measc beidh an boscadóir Damien Mullane, Joyn Wynn ar bhfeadóg mhór, Caitlín Nic Gabhann ar an gconsairtín, John McEvoy ar an veidhlín, Ceoltóir Óg na bliana TG4 Caoimhín Ó Fearghail ar na píopaí uilleann agus beidh an t-amhránaí iomráiteach as Baile an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí i bhfeighil amhránaíochta ar an sean-nós.
Anuas air seo beidh an ceoltóir aitheanta Steve Cooney ag múineadh scileanna giotáir agus beidh Séamus Mac Mathúna ag múineadh bailéid Bhéarla agus Mick Mulkerrin ag múineadh rince ar an sean-nós. Beidh na daoine seo freisin ag glacadh páirte sa cheolchoirm mhór.
Tar éis Aifreann na hÉigse nochtfar leacht i reilig Bhaile Bhuirne ar uaigh Amhlaoibh Ó Loingsigh a ghlac páirt i gcaith Chéim an Fhia sa bhliain 1822.
Tóg na bróga tairní anuas ón áiléir agus cuir snas ar do dhamhsa i gcomhair na hÉigse damhsa is mó sa bhliain. Dóibh siúd ar mhian leo tabhairt faoi cheardlann déan cinnte go mbeidh d’áit curtha in áirithe agat roimh ré.
Tuilleadh eolais: www.eigse.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 13 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
‘Ní Mise a Rinne é’ le seoladh ag Linda Bhreathnach
Dráma úr le Pádraic Breathnach ar stáitse na Taibhdheirce
Físeán: Salómé ar an stáitse ag Oireachtas na Samhna 2012
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge