Tá bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley T.D.Tá deireadh anois leis an seanchóras ó thaobh toghcháin go daonlathach ar an mBord le haontú Acht na Gaeltachta 2012 níos túisce sa bhliain, agus tá laghdú de 8 gcomhalta ar an mbord ó 20 comhalta go 12 chomhalta. Tá an Bord freagrach as straitéis agus polasaithe ginearálta an Údaráis.
Tá Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ceaptha ina Cathaoirleach ar an mbord mar aon le deichniúr comhalta eile.
Ceapadh ceathrar comhalta ar ainmniúcháin Comhairlí Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínse.
Ina measc tá Cathal Seoighe atá ainmnithe ag Comhairle Contae na Mí; Ian Mac Aindriú atá ainmnithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo; Séamus Chosaí Mac Gearailt (Comhairle Contae Chiarraí) agus Seosamh Ó Laoi (Comhairle Contae na Gaillimhe). Níor ainmníodh comhalta Chomhairle Contae Dhún na nGall inniu toisc go bhfuil próiseas fiosrúcháin atá ar siúl faoin ainmniúchán sin.
Ar na comhaltaí eile atá ainmnithe tá Seán Ó Cuireán bainisteoir ar ionad saorálaí Dhún na nGall; Dairíona Nic an Iomaire, Príomhoide ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach Gaillimh; Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach ón gCarraig i gContae Dhún na nGall; Fiachra Ó Céilleachair ón Rinn i gContae Phort Láirge; Mícheál Ó Scanaill, fear gnó ó Bhaile Bhuirne i gContae Chorcaí agus Pádraig Ó hAinifín, fear gnó ón Daingean, Co. Chiarraí.
Foilsíodh Acht na Gaeltachta 2012 i Mí Iúil 2012 agus tá leasú ar chur chuige agus ar phróiseas roghnúcháin Bhord Údarás na Gaeltachta mar cheann den dá phríomhsprioc atá luaite leis an reachtaíocht. Chomh maith leis sin, tá i gceist ag an Acht go mbeidh ról ag an Údarás sa phróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaeltachta.
Faoin reachtaíocht, roinnfear an Ghaeltacht suas i 19 Limistéar Gaeltachta mar atá leagtha amach faoin bpróiseas pleanála. Beidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar áis tacaíochta d’eagraíochtaí atá ag ullmhú pleananna ach is é an tAire a cheadóidh na pleananna le hordú.
Léirigh roinnt eagrais Ghaeilge imní go raibh deireadh le toghcháin an Údaráis le hachtú an Achta níos túisce sa bhliain. Bhí imní ann chomh maith go mbeadh an socrú nua éagórach ar mhuintir na Gaeltachta atá ag cur fúthu sna Gaeltachtaí beag toisc go mbeadh an suíochán sin ar Bhord an Údaráis á roinnt go timthriallach idir Ghaeltacht Chontae na Mí, Ghaeltacht Chorcaí agus Chontae Phort Láirge.
Ag labhairt dó ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na nGaeltachta inniu, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air na ceapacháin a fhógairt agus go raibh sé cinnte go rachaidh bord nua Údarás na Gaeltachta i mbun a chuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht.
"Is cinnte go bhfuil am dúshlánach roimh Údarás na Gaeltachta ach rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna atá ag na comhaltaí seo go léir chun sochar go mór d'Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta araon sna blianta amach romhainn," a dúirt an tAire Stáit.
© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Tuarascáil Fennell foilsithe agus tuairimí an phobail de dhíth maidir le polasaí Gaeilge RTÉ
As na Nuachtáin: Young people of Ireland declare daring strategy to improve state of the nation
Preaseisiúint: Ceist na Gaeilge i gCáinaisnéis 2013
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com; #gaeilge #gaeltacht