Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Spailpín Fánach ag spreagadh na Gaeilge i measc an phobail

$
0
0

“Ní thagann ciall roimh aois. Ní thagann ciall le haois….Ní thagann ciall.”

Ní bhíonn deireadh go deo le raiméis an tsaoil dar le seanfhocal nuachumtha An Spailpín Fánach atá ar fáil anois ar t-léinte agus ar gheansaithe le linn mhí na Samhna mar chuid den tionscadal nua a seoladh ar Dé Luain, 19 Samhain.

Seanfhocal na Míosa a thugtar ar an tionscadal nua ina mbeidh seanfhocal úr éagsúil le fáil ar rogha t-léinte, cochaill agus geansaithe gach mí.  Beidh idir sheanfhocail thraidisiúnta agus nuachumtha ar fáil mar chuid den réimse nua ach ní bheidh fáil ar na táirgí ach ar feadh mí amháin sula n-athrófar an seanfhocal arís.

Sheol an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin an réimse nua ar an Luan i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal, an áit inar thosaigh bunaitheoir an chomhlachta bhig Ghaeltachta, Gearóid Ó Murchú ag tairgeadh an ábhair Ghaelaigh sa bhliain 1979.   

Tá an réimse nua, Seanfhocal na Míosa, ar díol i láthair na huaire sa siopa miondíola i gCeardlann an Spidéil, an áit ina dtáirgtear ábhar An Spailpín Fánach idir éadaí, earraí Ghaelacha agus neart eile, agus tá fáil air freisin ar an suíomh nua dátheangach a seoladh mar aon leis an tionscadal nua ar Dé Luain.  

Cé go bhfuil An Spailpín Fánach, www.spailpin.com, 15 bliain ar an bhfód ar an idirlíon faoin tráth seo táthar ag súil anois go ndéanfaidh an suíomh nua freastal ar phobal na Gaeilge in Éirinn agus i gcéin ach freisin go gcruthófar spéis i dtáirgí Gaelacha i measc phobal úir toisc éagsúlacht na n-earraí agus áisiúlacht an tsuímh idirghníomhaigh nua.

Ag seoladh an tsuímh nua dúirt An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin go raibh sé “mar chuid de dhlúth agus d’inneach riamh sa Spailpín Fánach, mar fhiontar beag tráchtála Éireannach,  go léireoidís meas i gcónaí ar dhá theanga oifigiúil an stáit agus is ard-shampla den cur chuige is fearr maidir leis an dátheangachas atá sa suíomh gréasáin nua”.

Lean An Coimisinéir Teanga leis ag moladh an chomhlachta bhig Ghaeltachta mar cheannródaí i leith cur chun cinn na Gaeilge agus ghnó Gaeltachta, “Fiú le buiséad airgid an-teoranta léirigh An Spailpín don iliomad eagraíocht eile a bheadh i bhfad níos treise ná iad féin, eagrais stáit san áireamh, céard is féidir a dhéanamh le h-áit agus spás lárnach a chruthú don Ghaeilge ina gcuid gníomhaíocht, ach an toil a bheith ann. Tá sé riachtanach má tá an teanga le maireachtáil go mbeadh áit lárnach seachas imeallach aici i ngach gné de shaol na tíre, go speisialta sna Gaeltachtaí” a dúirt sé.

Tá siopa nua An Spailpín Fánach ar-líne ar fáil anois ag www.spailpin.com.

©Foilisthe ar Gaelport 21 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

40 Bliain Raidió na Gaeltachta le ceiliúradh i gCiarraí

Coistí ar fud na tíre san iomaíocht i gcomórtas Ghlór na nGael

As na Nuachtáin: Gaeilge chun tosaigh i bhforógra na nÓg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Spailpin


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945