Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Leabhar na Bliana 2012

$
0
0
Ba ar na foilsitheoirí Cois Life agus An tSnáthaid Mhór a bronnadh na duaiseanna ba mhó ag Gradam leabhar na bliana Dé Céadaoin, 21 Samhain sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta (Gradam Uí Shúilleabháin), ar an bhfoilsitheoir Cois Life.

Is iad Foras na Gaeilge a chuireann an duaischiste de €22,000 ar fáil do na gradaim, as ciste iomlán de ós cionn €1.2 milliún a chaitear ar litríocht na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge a bhíonn i mbun riarachán an chomórtais

Tugann an saothar a bhain amach an duais, Dúlra Oileáin Árann léargas tuisceanach ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí, an cladach agus an fheirmeoireacht.

Chaith údar Dúlra Oileáin Árann, Con Ó Ruairc, 40 bliain ag obair le Teagasc mar eolaí planda, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus ag obair ar phleanáil taighde.

Bhuaigh an teach folisitheoireachta An tSnáthaid Mhór atá lonnaithe i mBéal Feirste an gradam do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló) don leabhar Ó Chrann go Crann, scríofa ag Caitríona Hastings agus maisithe ag Andrew Whitson.


Bíonn an searmanas á reáchtáil ag an eagraíocht Oireachtas na Gaeilge. “Bhí réimse iontach leathan agus ardchaighdeán ag baint le gach iomaitheoir i mbliana ó thaobh caighdeán, ábhar agus stíl léirithe de. Céim mór chun tosaigh atá ann ó thaobh an chruthaitheacht agus an nualaíocht de”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com 23 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An Spailpín Fánach ag spreagadh na Gaeilge i measc an phobail

Ciorrú eile fógartha don Ghaeloideachas

Moladh don Ghaeilge an moladh ba thábhachtaí i dtionscadal Óige an Uachtaráin

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>