‘Is binn béal ina thost’, ‘Ní déarfaidh mé níos mó’.
Ní minic a labhraínn muintir na háite faoin gcás truamhéalach a tharla 130 bliain ó shin – crochadh an fhir neamhchiontaigh Maolra Seoighe as a bheith páirteach i ndúnmharuithe Mhám Trasna. Cé go bhfuil níos mó ná sé scór bliain caite ó tharla an t-éageartas, is deacair fós do mhuintir do háite an scéal a ligean lena ndearmad.
Crochadh Maolra Seoighe sa bliain 1882 agus cuireadh ar láthair phríosún na Gaillimhe é de bharr nach raibh an chosaint dlí cheart ar fáil dó mar fhear Gaeltachta, gan Béarla ar bith.
Ní raibh Gaeilge ag an dlíodóir nó ag na habhcóidí a bhí dá chosaint ná ní raibh ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré sa chúirt i mBaile Átha Cliath. Caitheadh anuas ar an oideachas a bhí air agus rinneadh neamhaird dá fhianaise toisc gur i nGaeilge a tugadh í. Níor thóg sé ach faoi bhun sé nóiméad teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach as dúnmharú.
Déanfar comóradh ar shaol Mhaolra Seoighe ar 15 Nollaig i nGaillimh, cothrom an lae go díreach ar crochadh é, 130 bliain ó shin. Labhair Gaelport.com le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga faoina chomhpháirtíocht san ócáid speisialta seo:
“Tá suim phearsanta agam féin sa chás sa tslí go bhfuil an oiread bealaí ar féidir breathnú air. ‘Fear aineolach, tútach, gan oideachas’ ab ea an cur síos rinne a dhlíodóir féin ar Mhaolra Seoighe mar gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhí aige. Tá an-athrú tagtha ar chúrsaí ó shin.
Is é an aidhm atá leis an ócáid ná tacaíocht a thabhairt d’fheachtas atá ar bun ag na Tiarnaí Alton agus Avebury sa Bhreatain tabhairt ar údaráis na Breataine breathnú in athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus go mbogfaidh an cás ar aghaidh mar ‘iomrall ceartais’.
Diúltaíodh scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtí seo toisc gur ceapadh nach raibh dóthain spéise ann i measc an phobail ach táimid ag súil go dtarraingeoidh an ócáid seo aird ar chearta teanga sa tslí nár tugadh aird ar bith ar chearta Mhaolra Seoighe.
Tá súil agam go scaipfidh sé seo tuilleadh eolais maidir le cearta teanga go háirithe sna cúirteanna agus go spreagfar úsáid níos forleithne sna cúirteanna amach anseo. Is minic a fhágann daoine a gcuid Gaeilge ar leataobh toisc go gceapann siad gurb é an Béarla teanga na nÚdarás agus nach dtuigeann siad go bhfuil an Ghaeilge daingnithe sa dlí.”
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh Aifreann i gcuimhne Mhaolra Seoighe san Ardeaglas, siompóisiam i Músaem na Cathrach, taispeántas as sleachta stairiúla agus scannán faoi Mhám Trasna de chuid RTÉ. Fógrófar tuilleadh sonraí maidir leis gcomóradh sna seachtainí romhainn.
© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Tús spraíúil uile oileáin curtha le Bliain na Gaeilge 2013
As na Nuachtáin: Comóradh le déanamh ar fhear Gaeltachta a crochadh go héagórach
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge