Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aitheantas tugtha do ghaiscí na scannánóirí Gaeilge

$
0
0

Tugadh aitheantas do shaothar na scannánóirí Bob Quinn agus Colm Bairéad an tseachtain seo caite nuair a bronnadh Gradam Saoil agus Gradam an Scannánóra Óig orthu ag cruinniú cinn bhliana chumann na stiúrthóirí SDGI.

Comhartha measa atá sna gradaim seo atá urraithe ag Foras na Gaeilge do stiúrthóirí Gaeilge a bhfuil barr feabhais bainte amach acu i dtionscadal na scannánaíochta Gaeilge. Bronnadh an Gradam Saoil den chéad uair anuraidh ar Louis Marcus.

Tá clú agus cáil bainte amach ag Bob Quinn a bhfuil taithí os cionn dhá scór bliain aige i dtionscadal na scannánaíochta le mórshaothair ar nós ‘Póitín’(1977), scannán ficsin a thugann léargas ar shaol na Gaeltachta thrí shúile dhéantóra Poitín agus beirt Gharda áitiúla; ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’ (1975), athchóiriú ar an mórdhán clasaiceach le Seán Bán Breathnach sa phríomhról ; agus an tsraith clár ‘Atlantean’ a léiríonn na cosúlachtaí idir cultúr na nGael agus cultúr na hAfraice Thuaidh.

Dúirt Colm Bairéad, Scannánóir Óg na Bliana a bhfuil taithí níos mó ná 7 mbliana aige mar stiúrthóir:

“Ceapaim go bhfuil níos mó deiseanna do stiúrthóirí le Gaeilge ná mar a bhíonn ag stiúrthóirí le Béarla amháin. Is dócha go bhfuil baint mhór ag TG4 leis seo agus leis an scéim ‘Scéal’ atá á reáchtáil acu le cúpla bliain.

Baineann formhór de mo chuid oibre leis an nGaeilge agus táim tar éis gaol maith a chruthú le heagarthóirí coimisiúnaithe TG4 thar na blianta. Ar bhealach tá sé níos suimiúla a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge toisc go bhfuil na heagarthóirí coimisiúnaithe i bhfad níos cróga ó taobh ábhair agus smaointe de.”

Faoi láthair tá Colm ag plé le tograí éagsúla, sraith 6 pháirt do TG4 ina measc. Scríobh agus stiúir sé gearrscannán Gaeilge dar teideal ‘Mac an Athar’ sa bhliain 2005 agus ‘Finscéal Pháidí’ sa bhliain 2009.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Deontas €5000 le bronnadh ar scannánóirí Gaeilge

Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh

Tús spraíúil uile oileáin curtha le Bliain na Gaeilge 2013

 

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>