Beidh tuilleadh eolais againn ar thodhchaí agus ar thosaíochtaí Údarás na Gaeltachta nuair a thiocfaidh Cathaoirleach nua an Údaráis, Anna Ní Ghallchóir os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúir agus Gaeltachta inniu 27 Samhain 2012.
Roinnfidh Anna Ní Ghallchóir, a ainmníodh mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite, a tuairimí i leith thodhchaí na gníomhaireachta Stáit atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., bord nua an Údaráis Dé Máirt seo caite 20 Samhain 2012. Cuireadh deireadh leis an bpróiseas toghchánaíochta do Chomhaltaí Bhord an Údaráis le hachtú Acht na Gaeltacht 2012 i mí Iúil seo caite agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 comhalta go dtí 12 comhalta. Faoi réir an Achta nua, tugtar cumhacht don Aire seachtar comhalta a ainmniú, lena n-áirítear Cathaoirleach an Bhoird, agus ainmníonn Comhairlí Contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram 5 comhalta boird eile.
Tabharfar an deis do bhaill an Chomhchoiste Dála scagadh a dhéanamh ar phlean an Chathaoirligh don Údarás sna blianta amach romhainn, go háirithe i gcomhthéacs na n-athruithe suntasacha a bheidh ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta a bheartaíonn go mbeidh struchtúr iomlán nua ar na ceantair Ghaeltachta san am amach romhainn.
Is féidir imeachtaí an Chomhchoiste Dála a leanúint ag an nasc seo ag 4.15pm (Seomra Chomhchoiste 4) - http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?fn=/documents/livewebcast/Web-Live.htm&CatID=83&m=o
© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Preaseisiúint: Ceist na Gaeilge i gCáinaisneis 2013
Clabhsúr le comhairliúcháin poiblí ar an Straitéis Gaeigle Thuiasceart Éireann
Bord Nua Údarás na Gaeltachta fógartha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge