Beidh neart ceol na bpíopaí uillinn, an fheadóg mhór agus an ghiotár mar aon le hamhráin as Ráth Chairn le cloisteáil ag Siamsaíocht@6 san ardchathair in Óstán Central Hotel ar Sráid an Chiste i gceartlár Bhaile Átha Cliath mar sraith de na ceolchoirmeacha míosúil a bhíonn arna eagrú ag Gael Linn.
Beidh an oíche mhór cheoil seo agus ceiliúradh na Nollag ar siúl óna 6:00– 8:00 i.n agus beidh doirse ar oscailt ó 5.45 i.n ar an Máirt, 18 Nollaig 2012.
Is as Ráth Chairn d’Éanna Ó Croinín agus tá aithne air mar phíobaire den scoth agus é ag seinm na bpíob uillinn ó bhí sé ina bhuachaill óg. Is minic a bhíonn sé ag taisteal lena chuid ceoil agus bíonn sé le cloisteáil ar an raidió go minic.
Is as Ráth Chairn Glas na Mí do Mhíchéal Ó Súilleabháin freisin agus tá an ceol ina chuid fola le blianta fada anuas. Bíonn Mícheál ag seinm ar an ngiotár agus ag canadh amhráin agus is minic a bhíonn sé ar stáitse sa gClub i Ráth Chairn, i gConamara, ag Oireachtas na Samhna agus ócáidí éagsúla agus ag feilte. Beidh an t-amhránaí agus an ceoltóir iomráiteach ar an bhfeadóg mhór Órla Ní Cheallaigh i gcuideachta Éanna agus Mícheál ar an oíche.
Cead Isteach: €15 (Báisíní bia san áireamh!)
Beár ar oscailt / Tae & Caife ar fáil
Áirithint riachtanach (spás teoranta!): niamh@gael-linn.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Aitheantas tugtha do ghaiscí na scannánóirí Gaeilge
Dul chun cinn an ghaeloideachais léirithe i Sraith na Scoileanna 2012
As na Nuachtáin: Pan Cheilteach 2013 seolta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge