Mar is iondúil, déanfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta scoth na gclár a chraoladh thar thréimhse na Nollag i mbliana idir chláir speisialta shéasúraigh agus súil siar ar bhuaicphointí 2012.
Beidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn á chur faoi agallamh speisialta Nollag mar chuid den chlár Cruinneog ag 11am ar Dé Sathairn, 22 Nollaig agus pléifear seanchas Nollaig mhuintir na n-oileán in eagrán speisialta den chlár ‘Siúlach Scéalach na Nollag’ ar Dé Domhnaigh, 23 Nollaig 1.15pm.
Tabharfar deis cuairt Dhaidí na Nollag ar Chasla a chloisteáil don athuair Oíche Nollag ag 1.30pm agus beidh ceol álainn An Crann Óg , grúpa óg ceoltóirí as Gaoth Dobhair le cloisteáil óna 3pm ar Lá Nollag mar aon le hOratóir na Nollag, an chéad Oratóir Nollag i nGaeilge cumtha ag Colm Ó Foghlú a bheas ar siúl ag 7pm.
Caithfear súil siar ar bhliain cheiliúrtha ina raibh RnaG ag comóradh 40 bliain ar an bhfód ag 7.40pm le scoth an cheoil ó Ghaeltachtaí na Mumhan a chualathas mar chuid de Choirmcheoil Cheiliúrtha 40 bliain an Deiscirt a bhí ar siúl i gCiarraí i mí na Samhna.
Cuirfear tús leis an tsraith ‘Ceiliúradh Ceilteach’ – Idir Dhá Nollaig ar Lá le Stiofáin, a bheas ar siúl go dtí 6 Eanáir ina mbeidh leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill, Gabriel Rosenstock, Rónán Ó Snodaigh agus eile ag plé cheiliúradh éagsúil na Nollag sna tíortha Ceilteacha.
Beidh deis Túr na nAmhrán le Liam Ó Maonlaí agus an Brad Pitt Light Orchestra a chloisteáil ag 2pm, oíche tiomanta do cheol Leonard Cohen a d'aistrigh Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile go Gaeilge mar chuid d'Fhéile IMRAM i mí na Samhna.
Caithfidh Séamus Mac Géidigh súil siar ar bhua stairiúil Dhún na nGall ag 11am ar 27 Nollaig agus cloisfear buaicphointí ó chomóradh 40 bliain RnaG ina dhiaidh leis an tsraith seimineár Raidió na Gaeltachta - 40 Bliain faoi Bhláth ag 5.30pm agus 40 Bliain le Chéile, ceolchoirm a thit amach le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy ag a raibh Neansaí Ní Choisdealbha agus Seán Bán Breathnach i measc scoth na gceoltóirí le stair agus tionchar RnaG a cheiliúradh.
Beidh buaicphointí Oireachtas na Gaeilge 2012 á chur i láthair ag Séamus Mac Géidigh ar 29 Nollaig ina mbeidh sé ag caitheamh súil siar ar na comórtais sean-nóis, h-amhráin nua-chumtha, Rónán Beo@3 agus Barrscéalta agus ar 30 Nollaig cloisfear amhráin agus dánta ó pháistí scoile Ghaeltacht Thír Chonaill sa chlár Báidín Fheidhlimidh agus beidh buaicphointí cheolchoirm chomórtha Nioclás Tóibín a reáchtáladh i Rinn Ua gCuanach níos luaithe sa bhliain ar siúl ag 7pm.
Beidh Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin ag fágáil slán le 2012 óna 9pm ar 31 Nollaig agus cuirfear fáilte roimh an athbhliain ar 1 Eanáir le hagallamh leis an Monsignor Réamonn Ó Muirí ag 11am agus ag 6.30pm craolfar ‘Ar an Muir Chorrach’ ina gcuirfear Colm Breathnach, innealtóir báid as an mBóthar Mór i nGaillimh faoi agallamh.
©Foilsithe ar Gaelport 20 Nollaig 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Líon na stocaí Nollag le leabhair do dhaoine óga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #RnaG