An bhfuil an t-amhrán buaiteach agat d’Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach? Beidh an fhéile ar siúl i gCeatharlach arís i mbliana ón 02-07 Aibreán 2013.
Seoladh comórtas náisiúnta ar thóir amhrán na hÉireann a rachaidh in iomaíocht ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach le déanaí.
Anuraidh,rinne Meadbh Ní Bheaglaoich agus Muintir Chrónáin ionadaíocht ar son na tíre leis an amhrán ‘An Síol’.
Glacfar le hamhráin Ghaeilge le ceol agus liricí nua-chumtha i réimse leathan seánraí ceoil – ceol traidisiúnta, pop-cheol, ceol tíre nó ceol rac-cheilteach ina measc.
Is é 8 Eanáir 2013 an spriocdháta agus is i bhfoirm dlúthdhiosca ar chóir iarratais a chur isteach. Ní mór rialacha an chomórtais a léamh go cúramach ar shuíomh www.panceltic.ie, áit a bhfuil foirmeacha iarratais ar fáil chomh maith.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh os comhair painéil mholtóirí aitheanta ag an gcomórtas náisiúnta a reáchtálfar i gCeatharlach ar an Déardaoin, 7 Feabhra 2013.
Cuirfidh an láithreoir teilifíse, Daithí Ó Sé an ócáid i láthair agus déanfar breithiúnas ar chaighdeán na liricí, máistreacht an cheoil agus cur i láthair.
Duais €1,000 a bhronnfar ar bhuaiteoir an chomórtais agus rachaidh an t-amhrán buaiteach ar aghaidh le dul in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin chun an Corn Pan Cheilteach a chrochadh leis.
Is féidir dhlúthdhioscaí agus foirmeacha iarratais a sheoladh chuig An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach roimh 5.00i.n. ar 8 Eanáir 2013. Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig pancelticcompetitions@gmail.com.
© Foilsithe ar Gaelport.com 04 Eanáir 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Féilire na Gaeilge: Filíocht le Bernadette Nic an tSaoir ag Ó Bhéal, Cathair Chorcaí
Cúrsaí: Dianchúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste, Eanáir 2013
Físeán: An Ghaeilge i gCeatharlach (2011)
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #mionteangacha