Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Spriocdháta Chomórtas Filíochta Bhéal Átha na mBuillí ag druidim

$
0
0
Beidh Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bheál Átha na mBuillí ar siúl arís i mbliana le comórtas Gaeilge / Gaidhlig á reáchtáil mar chuid de. Níl ach coicís fágtha le hiarratais a chur isteach don chomórtas dátheangach seo a bhfuil duais €2,000 ag dul don bhuaiteoir. Is é Dé
hAoine 25 Eanáir 2013, spriocdháta an chomórtais.

Le hurraíocht ó Cholmcille, cuireann an comórtas €1,500 ar fáil don dara duais agus €1,000 don tríú áit. Cuirfear an sé dán is fearr ar
ghearrliosta agus iarrfar ar na hiarratasóirí sin a ndánta a léamh ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bheál na mBuillí  a bheidh ar siúl ó 3-5 Bealtaine. Cuirfear táille de luach €400 ar fáildon triúr nach mbaineann duais amach.

Ní mór don dán a bheith faoi bhun 70 líne agus ní ceadaithe don dán a bheith foilsithe nó craolta roimh ré (an t-idirlíon san áireamh).

Is féidir iarratais scríofa i nGaeilge agus i nGaidhlig nahAlban a sheoladh chuig: Comórtas filíochta Gaeilge / Gáidhlige Bhéal Átha na bmBuillí, Co. Ros Comáin, Éire

Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin: http://www.strokestownpoetry.org/.

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin:Principal encourages parents to bring up children bilingually

As na Nuachtain: Democratic scrutiny is dead in the Dáil

Bliain na Gaeilge 2013 seolta

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #filíocht

 



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>