Tá Cumann Gaelach na hEaglaise ag reáchtáil Seirbhís Idirchreidmheach i nGaeilge, in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 25 Eanáir 2013 ag 8.00 i.n.
Tá sé mar aidhm ag Cumann Gaeilge na hEaglaise an Ghaeilge a chothú in Eaglais na hÉireann. Tá an tseirbhís á eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na hAontachta Críostaí agus beidh iomainn, paidreacha agus léachtaí speisialta á léamh mar chuid de.
Beidh na hiomainn á canadh ag cór Ghaelscoil na Cille, Co na Mí agus cloisfear cainticí agus aintiúin eaglasta ó choimhdeach chór Ardteampall Chríost.
Tá fáilte roimh chách freastal ar an tseirbhís agus is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a chur chuig gaeleaglais@gmail.com.
© Foilsithe ar Gaelport 18 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Ról níos lárnaí don Phobal á lorg sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Craoltóireacht sa ré dhigiteach le plé ag ceardlann raidió sa BAI
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge