Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Joe John Mac Con Iomaire ceaptha mar amhránaí cónaitheach Sean-nóis

$
0
0

Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh go bhfuil Joe John Mac Con Iomaire as Cill Chiaráin i gConamara, Co.na Gaillimhe ceaptha mar amhránaí sean-nós cónaitheach in Ollscoil na Gaillimhe do 2013.

Tá guth ar leith ag Joe John lena stíl aitheanta agus déanann sé a stampa féin a chur ar amhráin ar nós ‘An Droighneán Donn’ agus ‘Bean a Leanna’ agus ar ndóigh gach bliain bíonn a ghlór binn le cloisteáil le linn Turas na Croise, ag oilithreacht Maméan agus é ag canadh a leagan féin de ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’ le blianta fada anuas le linn na hoilithreachta.

D’éirigh le Joe John Corn Uí Riada a bhaint amach mBaile Átha Cliath i 1975 agus arís i 1977 nuair a bhí Oireachtas na Gaeilge thuas i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill.

Anuas air seo, bhain sé an chéad áit amach i gcomórtas na bhFear ag féile an Oireachtais i 1968 agus i 1978.  Tá stáitsí ar na hÉireann agus fiú amháin in áiteanna éagsúla ar fud an domhain roinnte aige le cuid de na hamhránaithe agus ceoltóirí traidisiúnta is fearr dá bhfuil ann agus is iomaí uair a bhí sé mar aoi speisialta ag Conradh na Gaeilge i mBostún i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Le linn do a bheith ina amhránaí sean-nós cónaitheach san Ollscoil i nGaillimh, beidh Joe John ag canadh ag ócáidí éagsúla agus beidh sé ina stiúrthóir ag ceardlanna amhránaíochta ar an sean-nós in Ionad an Léinn Éireannaigh san Ollscoil. Beidh an chéad cheardlann ar siúl Dé Céadaoin, 13 Feabhra 2013 ag 7.00in.

Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na ceardlanna seo.

Foilsithe ar Galeport.com 22 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sa scéal seo a leanas:

Éigse na Brídeoige

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge #sean-nos

Le Brígíd Ní Ghríofa, Gaelport.com


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>