Ainmníodh an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn agus an cláirseoir Oisín Morrison mar bhuaiteoirí Bhoinn Óir Sheáin Uí Riada ag an deireadh seachtaine.
Reáchtáladh craobh an chomórtais in Óstán an Rochestown Park i gCathair Chorcaí ar Dé hAoine 18 Eanáir.
Bhí 15 ceoltóir san iomaíocht don duais aitheanta, ochtar píobaire agus seachtar cláirseoir agus craoladh an comórtas beo ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil a chuireann Peadar Ó Riada i láthair ar Raidió na Gaeltachta.
Bronnadh bonn óir, déanta ag an ngabha óir Pádraig Ó Mathúna as Caiseal Mumhan, agus seic €1250 an duine ar na buaiteoirí.
Is ceoltóir gairmiúil as Muineacháin é Tiarnán Ó Duinnchinn. D’eisigh sé an t-albam ‘Ceol is Píob’ lena bhean chéile Stephanie Makem sa bhliain 2008 agus thaistil sé timpeall an domhain ar chamchuairt domhanda éagsúla mar cheoltóir aonair agus le grúpaí. Tá sé le cloisteáil anois mar láithreoir raidió agus teilifíse agus cláir curtha i láthair aige do RTÉ, TG4 agus BBC.
Is as Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath don chláirseoir Oisín Morrison a bhfuil ag tabhairt faoi mháistreacht sa Ghaeilge i láthair na huaire i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath. Bronnadh scoláireacht Ad Astra sna healaíona air anuraidh agus roghnaíodh é mar dhuine d’ionadaí na hÉireann ag ceiliúradh 100 bliain an Chomhdháil Cheilteach i 2011.
Ba iad na píobairí Mick O’Brien as Baile Átha Cliath, Ailean Dòmhnallach as Albain agus an cláirseoir Laoise Kelly as Maigh Eo a bhí mar mholtóirí ar an oíche. Roghnaíodh Ó Duinnchinn agus Morrison mar bhuaiteoirí na mbonn mar gheall ar an ardchaighdeán ceoil a léirigh an bheirt le linn an chomórtais.
Díreoidh Comórtas Bhonn Óir Sheán Uí Riada ar an gconsairtín agus an bosca ceoil i gcomórtas na bliana seo ag teacht.
©Foilsithe ar Gaelport.com 22 Eanáir 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Joe John Mac Con Iomaire ceaptha mar amhránaí cónaitheach Sean-nóis
Lean an scéal agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge