Cuireann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais leanúint le feidhmeanna reachtúla reatha Údarás na Gaeltachta, a feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, agus go mbeidh cead tugtha don Údarás chun Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh. Molann an Chomhdháil, áfach, go gcuirfear soláthar cuí ar fáil don Údarás, ó thaobh maoinithe de, chun a fheidhm fiontraíochta a chomhlíonadh go héifeachtach.
↧