Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach

$
0
0
D'eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ócáid neamhfhoirmiúil i gcomhair le hÚdarás Craolacháin na hÉireann dar teideal 'Ar bharr an sceidil: Craoltóireacht sa ré dhigiteach' ar 30 Eanáir 2013.

Reáchtáladh ceardlann eolais le painéal d'aoichainteoirí a bhfuil taithí craoltóireachta na mblianta acu; ina measc bhí an ceoltóir agus clár-reachtaire Raidió na Life Cian Mac Cárthaigh; an craoltóir óg ó Chonamara Máire Mairéad Ní Loideáin ó Northern Sound FM; PPI Craoltóir Ceoil  na bliana 2011 Barbara Nic Dhonnacha ó iRadio; an láithreoir agus léiritheoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cearbhall Ó Síocháin agus Niall (Traic) Ó Braonáin ón chairtstáisiún idirlín Raidió Rí-Rá.

Pléadh na dúshláin agus na deiseanna is mó atá ann don chraoltóireacht raidió trí Ghaeilge tráth a bhfuil borradh mór faoin gcraoltóireacht ar líne agus faoi aipeannna raidió.

Cloisfear roinnt tuairimí san fhíseán seo ó na mic léinn a ghlac páirt sa phlé ar an lá:

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 1 Feabhra 2013

Lean an scéal seo, @Cogar_ie agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Craoltóirí #Sceideal13


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>