Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bláthnaid Ó Brádaigh insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013

$
0
0

Rinneadh Bláthnaid Ó Brádaigh a insealbhú mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013 an tseachtain seo i gCultúrlann na hÉireann, Baile na Manach, Baile Átha Cliath.

“Tá ríméad orm agus is onóir mhór dom Uachtaránacht d'eagraíocht náisiúnta chomh tábhachtach leis seo a ghlacadh orm féin” a dúirt Iar-Rúnaí agus Iar-Leas-Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus slabhra na huachtaránachta á bhronnadh uirthi.

Is as Glas Naíon do Bhláthnaid ó dhúchas ach tá cónaí anois uirthi i nGleann na gCaorach. D’fhreastal sí ar bhunscoil lán-Ghaeilge i Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath agus níos déanaí ar Mheánscoil lán-Ghaeilge Lughaidh i Muineachán.

Duine is ea í atá an-phaiseanta ó thaobh chur chun cinn agus caomhnú na teanga de. Bhí sí ina comhalta an-ghníomhach d'Oireachtas na Gaeilge ó bhí 1970 ann agus d'fheidhmigh sí mar Chathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta idir 2002 agus 2004. Tá sí ina Cathaoirleach ar Fhochoiste Liteartha an Oireachtais le beagnach ocht mbliana.

Chuir an searmanas insealbhaithe seo tús le bliain úr d’imeachtaí éagsúla an Oireachtais. Fógrófar Comórtais Liteartha an Oireachtais go luath agus bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh i mí na Bealtaine. Is é Oireachtas na Samhna an ócáid is mó clú I measc phobal na Gaeilge agus déanfar é a cheiliúradh arís i gCill Áirne i mí Deireadh Fómhair na bliana seo.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 08 Feabhra 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An Ghaeilge faoin spotsolas i ndráma nua le Manchán Magan

Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach

Turas na bhFilí 2013 ar chuairt i gContae Mhaigh Eo

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>