Tá an scáthghrúpa ‘Meitheal na mBeag’ ag eagrú comhdhála dar teideal ‘Ceart Cultúrtha an Pháiste’ bunaithe ar Airteagal 31 de Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
Beidh an chomhdháil ar siúl ar 15 agus 16 Feabhra agus is é an aidhm atá leis ná feasacht a chruthú faoi thaibhealaíona Gaeilge na n-óg.
Freastalaíonn ‘Meitheal na mBeag’ ar ealaíontóirí, oideachasóirí, comhlachtaí, ionaid ealaíon agus institiúidí a léiríonn a ndílseacht do chur chun cinn agus d’fhorbairt na dtaibhealaíon trí Ghaeilge do pháistí.
Tá an scáthghrúpa déanta suas de chomhaltaí le paisean agus fuinneamh, idir ealaíontóirí agus mhúinteoirí, a chreideann go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh fáil ag páistí ar scoth na n-ealaíon - idir amharclann agus cheol, fhilíocht agus fhís-ealaíon.
Is é Martin Drury ón gComhairle Ealaíona agus bunaitheoir na hamharclainne ‘The Ark’, a bheidh mar aoichainteoir ag an gcomhdháil mar aon le hiar-Laureate na nÓg, Siobhán Parkinson agus Ceann na Roinne Ealaíon agus Corpoideachais i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, Michael Finneran.
Beidh an cainteoir idirnáisiúnta Angus Macleod, Oifigeach Drámaíochta le Fèisean nan Gàidheal as Albain i láthair ann chomh maith.
Cuirfidh na complachtaí téatair ‘Branar’ agus ‘Graffiti’ léiriúcháin dá gcuid ar an stáitse agus reáchtálfar díospóireachtaí agus cainteanna oscailte.
Tabharfar deis do dhaoine éagsúla a bhaineann leis na healaíona casadh chéile agus an earnáil a phlé.
I rith na comhdhála beidh Meitheal na mBeag ag lorg aighneachtaí ó ealaíontóirí píosa ealaíne a chruthú a rachaidh ar chamchuairt ó chontae go contae. Beidh fáil ar an ealaín sna hallaí Cathrach i ngach contae i rith na bliana. Is é an aidhm a bheidh leis an bpíosa ealaíne seo ná go gceisteoidh na comhairlí contae an méid áiseanna de ghníomhaíochtaí cultúrtha a chuireann siadsan ar fáil do pháistí sa chontae.
Tá fáilte roimh chách freastal ar an gcomhdháil a osclófar go hoifigiúil ag 6pm ar an Aoine, 15 Feabhra. Ní mór clárú ar www.meithealnambeag.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Feabhra 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Cuimhní cinn ar Oireachtas Chluain Dolcáin 1991
Bláthnaid Ó Brádaigh insealbhaithe mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2013
Físeán: Craoltóireacht raidió sa ré dhigiteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge