Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aighneachtaí á lorg – Údarás Craolacháin na hÉireann

$
0
0

Tá sé i gceist ag Údarás Craolacháin na hÉireann scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. 

Is é bun-chuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime nua á lorg anois ag Údarás Craolacháin na hÉireann ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (ca 8 leathanach). Is ceart aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis, a chur ar aghaidh go leictreonach chuig teanga@bai.ie roimh an Aoine, 01 Márta, 2013.

Ina ionad sin, is féidir iad a chur leis an bpost chuig:

Údarás Craolacháin na hÉireann
2-5 Plás Warrington
B. Á. C. 2

Tá faisnéis i ndáil le ról/seirbhísí an Údaráis ar fáil ar www.bai.ie.

Tá tuilleadh eolais i ndáil leis an Acht ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreactha agus Ghaeltachta ag www.ahg.gov.ie.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht 
http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.

Fógra Poiblí foilsithe don chéad uair ar Gaelport.com 29 Eanáir 2013 agus foilsithe don athuair ar 13 Feabhra 2013.


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>