Beidh Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga á reáchtáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Fiontar DCU agus Ollscoil Caerdydd, An Bhreatain Bheag i mBaile Átha Cliath ón 23 – 25 Bealtaine 2013.
Is comhdháil dhá lá a bheidh i gceist áit a mbaileoidh gach coimisinéir teanga ar domhan chun plé a dhéanamh ar ról an stáit agus an phobail maidir le cearta agus dualgais teanga i gcomhthéacs teangacha atá faoi bhrú mar theangacha pobail nó mar theangacha roghnaithe.
Is iad príomhchuspóirí na comhdhála seo i mí Bealtaine ná deis a chur ar fáil dea-chleachtas a roinnt, eolas a mhalartú agus plé a dhéanamh ar na ceachtanna atá foghlamtha i réimse na dteangacha.
Tá sé deich mbliana anois ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus an reachtaíocht sin á hathbhreithniú faoi láthair. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis foghlama ó bheartais agus ó chleachtais eile, agus deis staid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre a mheas i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Ag freastal ar an gcomhdháil seo beidh ionadaithe ó Cheanada agus ón Chosaiv, ón bpobal Ionúiteach sa réigiún Artach, ón bhFionlainn ón Bhreatain Bheag agus Albain, i measc tíortha eile.
Beidh roinnt an dea-chleachtais agus malartú eolais ar na ceachtanna atá foghlamtha go dtí seo i réimse na dteangacha mar aidhmeanna ag an gcomhdháil.
Beidh príomhimeachtaí na Comhdhála Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga ar siúl in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2 idir 9.30am agus 5.00pm Dé hAoine, an 24 Bealtaine, 2013.
Beidh fáilte mhór roimh dhaoine ón bpobal i gcoitinne ach is gá clárú roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig: eolas@coimisineir.ie nó glaoch ar: 091-504006 nó 1890-504006 (Glao Áitiúil) nó iarratas i scríbhinn a chur chuig:
Oifig an Choimisinéara Teanga,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe,
Éire.
©Foilsithe ar Gaelport.com 26 Feabhra 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Físeán: An bhfuil ann don Ghaeltacht sa bhliain 2013?
Seachtain na Gaeilge i dTithe an Oireachtais
Údaráis Áitiúla Dhún na nGall ag dréachtú an tríú scéim teanga
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter; #Gaeilge