Tionóladh cruinniú boird de chuid an Údaráis an tseachtain seo caite sna Forbacha áit ar beartaíodh an maoiniú a dháileadh ar cheithre eagraíochtaí éagsúla a bhfuil tionscnaimh shuntasacha pleanála teanga ar bun acu.
Beidh an deontas mar chómhaoiniú agus mar chúnamh ó thaobh chur i bhfeidhm chláir oibre agus chláir imeachtaí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas Teo, Ealaín na Gaeltachta agus Óige na Gaeltachta Teo.
Ceadaíodh €580,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá 62 seisiún naíonra faoi scáth na heagraíochta ag cur seirbhíse ar fáil do thart ar 850 páiste chomh maith le seirbhísí eile ar nós seirbhísí naíolainne agus iarscoile, club bricfeasta agus seisiúin do thuismitheoirí, ag freastal ar 450 páiste san iomlán.
Ceadaíodh €400,000 do Mhuintearas Teo. ag a bhfuil sé mar chuspóir seirbhísí ar leith maidir le cúrsaí oideachais, teanga agus forbairt phearsanta a chur i ngníomh agus go háirithe tograí atá dírithe ar sheirbhísí luathoideachais, obair óige, seirbhísí oiliúna, seirbhísí forbartha teanga, seirbhísí pobail agus áitiúla.
Ceadaíodh €335,000 d'Ealaíon na Gaeltachta mar chómhaoiniú ar chur i bhfeidhm chlár gníomhaíochtaí agus scéimeanna forbartha ealaíon na heagraíochta.
Ceadaíodh €250,000 d'Óige na Gaeltachta Teo. mar chúnamh i leith chur i bhfeidhm chlár imeachtaí na heagraíochta. Cuireann Óige na Gaeltachta Teo. seirbhís óige trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine óga idir seacht mbliana agus ocht mbliana déag ar fud na Gaeltachta. Tá 45 club óige ar a mbíonn 1,600 ball ag freastal á riar ag an eagraíocht chomh maith le ceithre ionad buail isteach ag freastal ar 200 duine óg.
© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Márta 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Síneadh ama tugtha d’eagrais Ghaeilge
Scéim Teanga úr do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas
Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge