Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

3 lá fágtha go dtí spriocdháta Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill

$
0
0
Tá go dtí deireadh na seachtaine seo, Dé hAoine 15 Márta, ag filí a ndánta a chur isteach ar Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill.

Is é seo an séú bliain don chomórtas dátheangach seo a bheith á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar ócáid lárnach le linn Thuras na bhFilí. Téama oscailte atá i gceist, inar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith.

Roghnófar gearrliosta d’ochtar agus cuirfear na filí ar an eolas roimh 25 Márta. Ainmneofar an buaiteoir ag oíche mhór filíochta agus cheoil ar an Aoine, 19 Aibreán in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 2. Bronnfar duais airgid €500 agus Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar bhuaiteoir an chomórtais.

Tá painéal breá de mholtóirí deimhnithe do chomórtas na bliana - Meg Bateman agus Gabriel Rosenstock agus fear an tí bríomhar, an t-úrscéalaí, gearrscéalaí, agus an craoltóir Alan Titley.

Léifidh na filí a bhaineann amach áit ar ghearrliosta an chomórtais a ndánta ar an oíche mar aon le léamh filíochta dátheangach leis na filí Albanacha. Anuas air seo, beidh neart siamsaíochta le ceol Albanach agus amhráin Gàidhlig.

Anuraidh bhuaigh dán álainn leis an mbanfhile óg Ailbhe Ní Ghearbhuígh ó Thrá Lí, Contae Chiarraí, ‘Deireadh na Feide’ Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill agus in 2011 bhuaigh dán le Máire Wren, ‘Lúb ar Lár’ an duais mhór.

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais agus ar rialacha an chomórtais ar an leathanach gréasáin seo. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Cláir Oideachais le craoladh ar TG4

Seachtain na Gaeilge 2013 faoi lán seoil

Scéim Teanga úr do Chomhairle Contae Átha Cliath Theas

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>