Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Iarratas ar Aighneachtaí: Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath

$
0
0

Tá sé i gceist ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Is é príomhchuspóir an achta a chinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán na seirbhísí sin níos airde.

Is mian le ÚABÁC anois fáilte a chur roimh léirithe maidir le hullmhú na dréachtscéime ó aon pháirtithe leasmhara. Níor chóir go rachadh aighneachtaí thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba chóir aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar láithreán Gréasáin na cuideachta, a chur ar aghaidh i bhfoirm leictreonach chuig info@daa.ie

Nó, féadfar iad a sheoladh sa phost chuig:

Gary Clooney,
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath,
Foirgneamh an tSeanteirminéil Láir,
Aerfort Bhaile Átha Cliath,
Contae Bhaile Átha Cliath.

Tá faisnéis maidir le hÚABÁC ar fáil ar láithreán Gréasáin na cuideachta ag www.daa.ie

Is é 5in Dé hAoine, an 12 Aibreán 2013 an dáta deiridh chun léirithe a fháil.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an Acht ar fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne Ealaíon Oidhreachta & Gaeltachta ag www.ahg.gov.ie

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.

Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 15 Márta 2013.


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>