Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Dréacht-scéim á hullmhú ag Údarás Aerfort na Sionainne

$
0
0

Tá sé beartaithe ag Údarás Aerfort na Sionainne scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Is é príomhchuspóir an Achta go mbeadh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus iad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí á lorg ag Aerfort na Sionainne anois ó pháirtithe leasmhara maidir le hullmhú na dréachtscéime.  Ba cheart na haighneachtaí, a bhfoilseofar ar láithreán gréasáin Aerfort na Sionainne, www.shannonairport.ie,  a sheoladh isteach go leictreonach chuig teanga@shannonairport.ie.

De rogha air sin, is féidir iad a chur sa phost chuig:

Nial O'Maoldomhnaigh
Ceann Oibríochtaí agus Seirbhísí,
Údarás Aerfort na Sionainne,
an tSionainn,
Co. an Chláir

Tá faisnéis ar na seirbhísí a chuireann Údarás Aerfort na Sionainne ar fáil don phobal le fáil ar www.shannonairport.ie.

Ní mór na haighneachtaí a bheith faighte faoi 5 i.n. ar an Aoine, an 29 Márta 2013 ar a dhéanaí.

Is féidir faisnéis breise maidir leis an Acht a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:  
http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003

Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 19 Márta 2013.


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>