Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais Fógartha

$
0
0
Tá ríméad ar fhoireann Gaelport.com go bhfuil an laithreán gréasáin ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.
Tá an craoltóir aitheanta, Bláthnaid Ní Chofaigh, i measc na ndaoine atá ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a fógraíodh inné.  

Tá sí ainmnithe sa chatagóir Aisteoir na Bliana. Cé go bhfuil taithí fada ag Bláthnaid mar láithreoir teilifíse, is i mbliana den chéad uair a chuaigh sí le haisteoireacht agus í sa ról Maeve Kelly-Clarke, an bhean teasaí in "Crisis Eile" ar TG4. Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag Oíche Gala in Óstán Galway Bay, Dé hAoine, 17 Bealtaine 2013, agus beidh craoltóir nuachta RTÉ, Aengus Mac Grianna, ar ais arís ina ról mar Fhear an Tí na hócáide. 

Déantar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus na gradaim seo á mbronnadh agus tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas.  

I mbliana freisin tá catagóir nua ann don láithreán gréasáin Gaeilge is fearr, agus roghnóidh painéal moltóirí an buaiteoir áirithe seo. I measc na láithreán atá ainmnithe don chatagóir tá an suíomh eolais Gaeilge www.gaelport.com, an iris mhíosúil ar líne www.beo.ie agus an láithreán gréasáin físiriseoireachta www.meoneile.ie. 

Tá an scannán faisnéise “Lón sa Spéir” a rinne Sónta Teo. chun scéal an ghrianghraif ‘Men at Lunch’ a tógadh i Nua-Eabhrac a insint in iomaíocht le “Súil Siar ar Mise Éire”, clár faisnéise a bhreathnaíonn ar scannán clúiteach George Morrison do Clár Teilifíse na Bliana. 
Beidh an tsraith “Imeall”, le Red Shoe Productions, a dhéileálann le cúrsaí ealaíne agus an tsraith faisnéise “Rónán ar an Camino” in iomaíocht lena chéile do Sraith Teilifíse na Bliana. Tá an tuairisceoir Seán Mac an tSíthigh ó Nuacht TG4/RTÉ i measc na ndaoine atá ainmnithe do Craoltóir Teilifíse na Bliana chomh maith le Dara Ó Cinnéide, iar-chaptaen fhoireann peile Chiarraí dá chlár “Seó Spóirt” ar TG4. 

“Cé go raibh ciorruithe móra sna meáin chumarsáide Gaeilge le bliain anuas níor maolaíodh beocht ná fuinneamh ná cruthaitheacht na hearnála” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. 

“Chuir an dul chun cinn sa teicneolaíocht ar chumas na hearnála forbairt a dhéanamh agus bhain pobal na Gaeilge úsáid fíor-éifeachtach as na deiseanna a bhí ar fáil dá bharr. Is ar an gcúis sin a bheimid ag bronnadh gradam nua i mbliana, gradam do Láithreán Gréasáin na Bliana,” a deir sé.  

Tá Cormac Ó hEadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh sna catagóirí raidió i mbliana. Ainmníodh an clár tráthnóna a bhíonn aige gach lá “Cormac ag a Cúig” do Sraith Raidió na Bliana agus tá sé in iomaíocht freisin don teideal Craoltóir Raidió na Bliana.

Tá géariomaíocht sa chatagóir Aisteoir na Bliana agus tá Bláthnaid Ní Chofaigh i gcomórtas le haisteoirí “Ros na Rún”, Tara Breathnach agus Linda Bhreathnach, chomh maith le Kelly Gough ó dhráma RTÉ “Raw” atá ainmnithe don ról atá aici sa dráma is déanaí atá ag TG4, “Scúp”. In éineacht le Kelly sa chatagóir seo tá a comhaisteoir Donncha Crowley dá ról mar Cormac sa tsraith.

Beidh an dá cholúnaí a scríobhann don leathanach Gaeilge a bhíonn san Irish Times gach seachtain ‘Bileog’, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pól Ó Muirí, in iomaíocht lena chéile sa chatagóir Colúnaí/Iriseoir na Bliana in éineacht le Máirtín Ó Catháin agus Conall Ó Móráin atá ainmnithe sa chatagóir céanna sin. 

Mar gheall gur duais nua é  an duais do Láithreán Gréasáin na Bliana,  shocraigh an tOireachtas úsáid a bhaint as painéal moltóireachta chun an buaiteoir a roghnú as an ngearrliosta sin.

1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Litir ó Mháirtín Jaimsie Abú Media do TG4
An Féidir Linn Bóthar Ard do TG4
Lón sa Spéir Sónta Teo. do TG4
Súil siar ar Mise Éire Midas Productions do TG4
2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Turas Húicéara Léirithe DMCI do TG4
Imeall Redshoe Productions do TG4
Bliain in Árainn Mhór Power Pictures do TG4
Rónán ar an Camino Waddell Media do TG4

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Tristan Rosenstock Imeall
Máire Treasa Ní Dhubhghaill Ponc/ Rugbaí Beo
Rónán Mac Aodha Bhuí Rónán ar an Camino
Seán Mac an tSíthigh Nuacht TG4/RTÉ
Dara Ó Cinnéide Seo Spóirt

4. AISTEOIR NA BLIANA 
Tara Breathnach Tina O’Dowd, Ros na Rún
Donncha Crowley Cormac, Scúp
Linda Bhreathnach Róise de Búrca, Rós na Rún
Kelly Gough Alix, Scúp
Bláthnaid Ní Chofaigh Maeve Kelly Clarke, Crisis Eile

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA 
Cormac ag a Cúig RTÉ Raidió na Gaeltachta
Spioradáltacht ar Leith Raidió na Life
Splanc Newstalk
Blas BBC Raidió Uladh
Rónán Beo @ 3 RTÉ Raidió na Gaeltachta

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Cormac Ó hEadhra RTÉ Raidió na Gaeltachta 
Siobhán Seoighe Raidió na Life
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha RTÉ Raidió na Gaeltachta
Orla Nic Cárthaigh Raidió Rí-Rá
Eibhlín Ní Chonghaile RTÉ Raidió na Gaeltachta

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Seán Tadhg Ó Gairbhí Comhar, Irish Times
Máirtín Ó Catháin Gaelscéal/An Curadh Connachtach/Galway Advertiser
Pól Ó Muirí Irish Times
Conall Ó Móráin Gaelscéal

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.gaelport.com Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
www.beo.ie Oideas Gael
www.raidionalife.ie Raidió na Life
www.meoneile.ie Below the Radar

Foilsithe ar Gaelport.com 03 Aibreán 2013

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Poll: 60% of towns want new patrons

Gaeltacht ar an dé deiridh?

An Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar ais i gCeatharlach

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #oireachtas

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>