Tá ráiteas an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn maidir le cleachtas rollacháin na scoileanna lán-Ghaeilge cáinte ag príomheagraíocht na gaelscolaíochta.
Léirigh Gaelscoileanna Teo. díomá faoi mhíchruinneas ráiteas an Aire a tuairiscíodh san Irish Independent an tseachtain seo caite faoin gceannteideal “Irish language schools targeted over restrictive entrance rules”.
De réir na tuairisce, mhaígh an tAire go bhfuil próiseas rollacháin i bhfeidhm i nGaelcholáistí áirithe sa tír ina ndiúltaítear d'iarratas ó dhaltaí mura bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an teaghlaigh. Cáineadh an cleachtas seo mar aon le cleachtais shriantacha i leith próisis rollacháin scoileanna Béarla na tíre agus tuairiscíodh go bhfuil i gceist ag an Roinn Oideachais córas aonchineálach amháin do gach cineál scoile a chur i bhfeidhm mar chuid de dhréacht-bhille nua amach anseo.
Eascraíonn an dréacht-bhille as comhairliúchán a rinne an tAire Oideachais in 2011 leis na páirtithe oideachais, Gaelscoileanna Teo. ina measc, inar leagadh béim ar an riachtanas a bhaineann le cur chuige a chaomhnaíonn sainmheon agus polasaí teanga na scoileanna toisc dúshlán scoileanna áirithe i dtaobh ró-éilimh.
Tá bunús taighde ráiteas an Aire ceistithe ag Uachtarán Gaelscoileanna Teo., Máirín Ní Chéileachair agus tá molta aici “go mbeadh sé níos réadúla breathnú ar bhunús na faidhbe seo, is é sin nach bhfuil an soláthar ag teacht leis an éileamh. Dá ndéanfaí freastal cuí ar an éileamh suntasach atá ann do scoileanna lán-Ghaeilge ní bheadh reachtaíocht de dhíth ar an gceist seo.
Baineann an cheist seo leis an 30% de bhunscoileanna agus an 20% d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh. In áit cur leis an soláthar, réiteach fadtéarmach a shásódh mianta uile na dtuismitheoirí arb é a rogha oideachais é ná an gaeloideachas, tá éilíteachas agus cleachtas sriantach á chur i leith na scoileanna.”
© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Aibreán 2013
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Rún éigeandála faoin ngaeloideachas glactha ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013
As na Nuachtáin: Change in school enrolment policies
As na Nuachtáin: A new dialect?
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge