Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Níl gealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta á gcomhlíonadh

$
0
0

Tá díomá léirithe ag POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge sa Tuaisceart, maidir le comhlíonadh ghealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta i leith na Gaeilge.

Gealladh an Ghaeilge a chaomhnú, a fhorbairt agus a chur chun cinn mar chuid den Chomhaontú a síníodh ar 10 Aibreán 1998 ach dar le Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, níl cur chuige an Rialtais i dtaobh na Gaeilge sásúil ar chor ar bith.

'Ábhar dóchais a bhí sa Chomhaontú, dar leis a lán, mar den chéaduair riamh, thug rialtas na Breataine aitheantas don Ghaeilge ó thuaidh. Is oth linn a rá, áfach, gur chuir an stát cuid mhaith fuinnimh agus chuid mhaith ama le cúig bliana déag anuas, ag cur constaicí roimh phobal na Gaeilge agus ag iarraidh na bhforbairtí ar an talamh a bhrú siar,' a dúirt sí.

Léiríodh 'ard-leibhéal de mhíshástachta' faoi chomhlíonadh gealltanais an chomhaontaithe i suirbhé a rinne POBAL a reáchtáil le déanaí.

Bunaíodh an suirbhé ar thuairimí múinteoirí ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta ina dúirt 65% go raibh siad ‘míshásta’ nó ‘iontach míshásta’ faoin mbealach a éascaíonn an rialtas úsáid na Gaeilge sa saol poiblí.

Dúirt 60% de fhreagróirí go raibh siad ‘iontach míshásta’ nó ‘míshásta’ nach raibh gníomh diongbháilte á ghlacadh ar son na teanga faoi ghealltanais an Chomhaontaithe agus nach raibh deireadh curtha le constaicí.

Dúirt 90.7% go raibh Acht cuimsitheach, ceart-bunaithe Gaeilge ‘riachtanach’, ‘iontach tábhachtach’ nó ‘tábhachtach’.

Dar le Janet Muller, 'Chosain rialtas na Breataine feidhmiú leanúnach Acht 1737 Riar na Córa, dlí áiféiseach a theann siar 276 bliain, agus a chuireann cosc iomlán ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna; go fóill, níl aitheantas ar bith ann do chraoltóireacht na Gaeilge i reachtaíocht Westminster; tá maoiniú do na heagrais bunmhaoinithe gearrtha go dtí an cnámh, agus a dtodhchaí féin i mbaol; agus go fóill, níor tugadh Acht na Gaeilge isteach, cé go raibh gealltanas soiléir faoi i gComhaontú Cill Rimhinn.’

Beidh POBAL ag seoladh foilseachán go luath a léiríonn tuairimí pearsanta na nGael ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Beidh torthaí an suirbhé san áireamh san fhoilseachán.

©Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Fás teoranta seachas gluaiseacht ag an ghaelscolaíocht ó Thuaidh?

Suirbhé an Fhorais maidir le Seirbhísí Nuachta

As na Nuachtáin: Row over Irish speaking receptionist at Council

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>