An tseachtain ar fad ar Iris Aniar 9.08 r.n., beidh sraith míreanna le cloisteáil le daoine óga atá ina gcónaí san iarthar. Déanfar plé oscailte ar na ceisteanna a leanas: Céard iad na rudaí a thaitníonn leo faoi bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta faoin tuath? Céard iad na dúshláin? Bhfuil seirbhísí don óige ar fáil? Bhfuil cothrom na féinne á fháil acu?
Beidh aos óg Ghaeltacht na Mumhan le cloisteáil ar Dé Céadaoin beag seo, 17 Aibreán ar chlár An Saol ó Dheas ag 12.08i.n. Rachaidh Helen Ní Shé ar chuairt go Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean le craoladh beo a dhéanamh. Cuirfear ógánaigh na dúiche faoi agallamh agus cloisfear a dtuairimí faoi thopaicí éagsúla. Beidh pacáistí le cloisteáil le linn an chláir freisin ó Mheánscoil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne, agus ó Choláiste Ghobnatan i nGaeltacht Chorcaí.
Fógrófar na buaiteoirí Chomórtas Bruíon na mBuíon ar chlár Rónán Beo@ 3 ag 3i.n. Dé hAoine 19 Aibreán. Comórtas do dhaltaí meánscoile a bhí i gceist inar tugadh dúshlán na mac léinn amhrán nua-aimseartha Gaeilge a chumadh agus a chóiriú. Cloisfear an t-amhrán buaiteach den chéad uair ar an gclár.
Dé Sathairn ar Thall 's Abhus ag 10 r.n. labhróidh an láithreoir Sinéad Ní Uallacháin le leanaí bunscoile faoina gcuid tuairimí maidir leis an bpictiúr American Gothic le Grant Wood sa mhír rialta ealaíne ar an gclár.
Dé Domhnaigh, beidh aoi láithreoir óg i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar Bhéal Maidine 8am - 10 am. Reáchtáil Neansaí comórtas ar an gclár le deis a thabhairt do dhuine óg le suim sa cheol an clár a chur i láthair in éindí léi.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Aibreán 2013
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Gearrliosta Chomórtas Tríú Leibhéal Ghlór na nGael fógartha
Athchóiriú ar luach €435,266 ceadaithe d’áis phobail sa Cheathrú Rua
Comórtas: Láithreoir Óg á lorg ag RnaG
Lean an scéal seo, @Cogar_ie @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #craoltóirí