Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An bua ag ceoltóirí na Rinne ag Siansa Gael Linn 2013

$
0
0
Cúis mhór bróid a bhí ann do mhuintir na Rinne nuair a chroch an grúpa ‘Nuada’ as Meánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge corn chraobhchomórtais Siansa Gael Linn ag an deireadh seachtaine.

Bhí Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn i láthair ag an ócáid thábhachtach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach nuair a chuaigh ocht ngrúpa; Frioscaí agus Na Fataí Fánacha ó Bhaile Átha Cliath, mar aon le Spréach ó Shligeach, Cumasc ó Cho. na Gaillimhe, Cóiriú ó Mhachaire Fíolta, Co. Dhoire, agus dhá ghrúpa ó Luimneach, Éile agus Anois is Arís, san iomaíocht don teideal ‘Seaimpíní Siansa Gael Linn 2013 agus don duaischiste €4,500.

Mary Bergin, Ciarán Ó Maonaigh agus Breanndán Ó Beaglaoich a bhí mar mholtóirí i mbliana agus Áine Hensey ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a chur an ócáid i láthair. Bhí jab fíor-dheacair le déanamh ag ana moltóirí agus roghnaíodh an sár-ghrúpa ón Rinn, Nuada mar bhuaiteoirí ar an oíche agus bronnadh duais €2,500 orthu.

Tháinig an grúpa ‘Frioscaí’ ó Ráth Éanna sa dara háit le duais €1,250 agus sa tríú háit bhí ‘Na Fataí Fanacha’ déanta suas de scoláirí ó Choláiste Eoin agus Íosagáin, Baile Átha Cliath agus bronnadh duais €750 orthu siúd.

Eiseofar dlúthdhiosca den cheol aoibhinn ar an oíche go luath agus beidh clár speisialta le feiceáil ar TG4, Dé Céadaoin, 24 Aibreán ag 10.30 i.n.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 17 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

RnaG ag ceiliúradh Sheachtain na nÓg

Deontas €63,000 le haghaidh Coláiste UISCE

As na Nuachtáin: Sean-nós i gCeatharlach

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>