Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh filíochta i gCorcaigh

$
0
0
Rachaidh an file aitheanta dátheangach Nuala Ní Dhomhnaill os comhair na sluaite daltaí meánscoile i scoileanna ar fud Chontae Chorcaí an tseachtain seo.

Is le tacaíocht na scéime ‘Writers in Schools’ de chuid Éigse Éirinn atá Gael Taca ag eagrú na seisiún filíochta seo. Léifidh an file rogha de dhánta óna saothar a shíneann siar níos faide ná 40 bliain agus beidh deis ansin ag na daltaí ceisteanna a chur uirthi agus an fhilíocht chomhaimseartha a phlé.

Tógadh Nuala Ní Dhomhnall i nGaeltacht an Daingin agus san Aonach, Co. Thiobraid Árann, agus fuair said a cuid oideachais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Foilsíodh an chéad shaothar dá cuid, ‘An Dealg Droighin’ in 1981 agus tá a stíl tar éis bláthú agus forbairt ó shin. Tá a saothar fréamhaithe go mór sa dúchas agus baineann sí leas as síscéalta agus béaloideas na hÉireann mar ábhair inspioráide ina cuid dánta.

Tá cáil ar Nuala Ní Dhomhnaill ar fud an domhain agus tá aistriúchán déanta ar a cuid filíochta ag na filí Michael Hartnett, Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Michael Longley. Mhúin sí in Ollscoil Nua-Eabhrac, Boston College agus Ollscoil Villanova sna Stáit Aontaithe, agus ceapadh í mar an dara hOllamh Éireannach le Filíocht (Ireland Professor of Poetry) in 2001.

Cuirfear fáilte roimh Nuala in Ionad Ghael-Taca, Port Uí Shuilleabháin ar an gCéadaoin, 24 Aibreán, ar 5.00i.n. Tá fáilte roimh chách freastal ar an ócáid.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 18 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scéim Teanga úr d'OÉ Gaillimh

As na Nuachtáin: Ócáid Ghaeilge ag Cúirt 2013

RnaG ag ceiliúradh Sheachtain na nÓg

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>