Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéal ag teacht chuig scáileán TG4 anocht

$
0
0
Craolfar an chéad scannán de chuid na sraithe Scéal, ‘Bás Arto Leary’ ar TG4 anocht, 24 Aibreán 2013 ag 10i.n.

Síolraithe ó na scéimeanna Síol agus Údar, tugann Scéal deis luachmhar do scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil suim acu blas úr a thabhairt do litríocht nó do bhéaloideas na Gaeilge i bhfoirm dráma teilifíse.

I mbliana roghnaíodh 6 script agus rinneadh an t-athchóiriú cuí orthu don scáileán, ina measc, Eoinín (Seán T. Ó Meallaigh agus Tom O’Sullivan), Páirtnéir (Ann Marie Flanagan agus Colm Bairéad), Síle (Séamus Moran agus Cathal Ó Cuaig), An Gadaí (Medb Johnstone agus Niall Fallon) agus Dílseacht (Marion Ní Loingsigh agus Brendan Murray) agus Bás Arto Leary (Manchán Magan agus Luke Mc Manus) a bhain Gradam Imeall Audience Choice amach ag Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin i mbliana.

Cuireadh tús leis an scéim Síol sa bhliain 2008 le maoiniú ó TG4 agus Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus rinneadh forbairt ar 6 scannán nuachumtha faoin teideal ‘An Chlann’.

Bliain ina dhiaidh sin leanadh leis an scéim faoi theideal éagsúil, ‘Údar’, agus í bunaithe ar athchóiriú ó litríocht na Gaeilge go dtí script scáileáin.

Rinneadh athchóiriú ar shaothair mhóra sa litríocht An t-Ádh le Pádraic Ó Conaire, Seacht gCéad Uaireadóir le Mícheál Ó Conghaíle agus An Buille le Liam Ó Flaithearta ina measc.

Beidh na scannáin seo á gcraoladh ar TG4 i mí Aibreán agus Bealtaine ag tosú anocht agus ag leanúint ar feadh 6 seachtaine.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Rannpháirtithe ag teastáil le haghaidh clár nua 'Leaids Mar Dhaids'

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill crochta ag Philip Cummings

Sétanta ar stáitse arís

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>