Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fógra um Dréacht-Scéim Teanga na Roinne Airgeadais

$
0
0

Tá Scéim Oifigiúil Teanga reatha na Roinne Airgeadais i bhfeidhm ó 2006. 

Tá an scéim seo ullmhaithe de réir Mír 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta cinntiú go soláthrófar caighdeán níos airde seirbhíse poiblí trí mheán na Gaeilge, agus go gcinnteofar fáil níos leithne ar an tseirbhís sin.

Is mian leis an Roinn Airgeadais athbhreithniú a dhéanamh anois ar a Scéim Oifigiúil Teanga. Chuige sin, tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara moltaí a sholáthar i dtaca leis an dréacht-scéim leasaithe a ullmhú. Moltar gan dul thar 4,000 focal in aighneacht (c. 8 leathanach).

Ní mór aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne, a sheoladh ar aghaidh go leictreonach chuig officiallanguagesscheme@finance.gov.ie nó iad a chur sa phost chuig:

Scéim an dTeangacha Oifigiúla,
f/ch An Oifig Chorparáideach,
7-9 Rae Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2.

Is é 5p.m. ar an Aoine 24 Bealtaine 2013 an tráth is déanaí lena ghlacfar le haighneachtaí. Tá eolas breise maidir leis an Acht le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag www.ahg.gov.ie.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie agus ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga ag www.coimisineir.ie.

Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:  http://www.gaelport.com/abhchoideachthttp://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.

Fógra Poiblí foilsithe ar Gaelport.com 29 Aibreán 2013.


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>