Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éachtaí móra bainte amach ag craoltóirí na hÉireann ag Féile na Meán Ceilteach

$
0
0
Bronnadh 11 duais ar ainmnithigh raidió agus teilifíse Éireannacha ag Gradaim na Meán Ceilteach 2013 a bhí ar siúl in Abertawe (Swansea) an tseachtain seo caite.

Gach bliain déantar ceiliúradh ar chraoltóireacht teilifíse, raidió, scannáin agus ar fhorbairt eacnamaíoch na dtíortha Ceilteacha i rith na féile seo. Taispeántar ardchaighdeán tallainne i réimsí éagsúla ón Albain, Éire, an Bhreatain Bheag, an Chorn agus an Bhriotáin.

Is léiriú é an líon ard gradam a bronnadh ar ionadaithe na hÉireann ar an sár-chraoltóireacht a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge i rith na bliana.

I measc mór éachtaí na féile, ba é a clár faisnéise de chuid TG4, ‘Rás Tailteann’ a thug buaic-ghradam na féile, an Torc Óir leis. Tugann an gradam seo aitheantas don saothar is fearr i dteanga Cheilteach. Bhí an Torc don Chlár Spóirt is Fearr buaite ag an saothar céanna seo ag tús na Féile.

Chomh maith leis sin, bronnadh gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ar Raidió na Life agus is é seo an chéad uair i stair na nGradam ar éirigh le stáisiún raidió pobail an teideal seo a ghnóthú. Bronnadh an duais ar RTÉ Radio 1 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe seo. Is cúis mhór bróid é seo don stáisiún agus iad ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana.

Bronnadh gradam na nEalaíona ar an gclár faisnéise ‘John Doherty - Ar Leirg na Gaoithe’ de chuid ‘Éabhlóid’ do TG4 a stiúir Eoghan Mac Giolla Bhríde agus a léirigh Ciarán Ó Maonaigh.

Is é an tsraith ‘Scéal na Gaeilge’ de chuid ROSG a chroch Gradam na Siamsaíochta Faisnéise, í stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh agus bronnadh duais ‘Aip is fearr’ ar Cúlacaint de chuid TG4.

Ó thaobh cúrsaí raidió de ba í Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhuaigh gradam ‘Láitheoir Raidió is Fearr’ agus bronnadh gradam ‘Clár Raidió Faisnéise is Fearr’ ar ‘Documentary on One - Míne Bean Uí Chribín, My Granny’ ar RTÉ Radio 1 a léirigh Bláithín de Búrca agus Ronan Kelly.

Tá gach eolas maidir le buaiteoirí na bliana 2013 ar fáil anseo.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Aibreán 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

Éachtaí móra bainte amach ag craoltóirí na hÉireann ag Féile na Meán Ceilteach

Duaiseanna Ghlór na nGael 2013 bronnta

As na Nuachtáin: Public service roles beyond RTÉ and TG4 merit funds

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>