Tá fiche sparánacht ar luach €2,000 á gcur ar fáil in aghaidh na bliana gach bliain ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) thar thréimhse dhá bhliain acadúla a bhronnfar ar mhic léinn a chláróidh ar an gclár seo sa bhliain 2013/2014.
Sa chlár nuálach seo, M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus do cumas teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Léireoidh an cúrsa feasacht teanga i scríobh agus i labhairt na Gaeilge chomh maith le machnamh criticiúil a dhéanamh ar ról an chultúir agus na hoidhreachta i bpróiseas an oideachais lán-Ghaeilge.
Den chéad uair i bPoblacht na hÉireann, beidh clár ilchodach le sraith mhodúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014. Glacfar le h-iarratais suas go dtí 31 Bealtaine 2013. Tá tuilleadh eolais maidir le sonraí an chúrsa ar fáil anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 1 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
Aiseolas maidir le Béaltriail na hArdteiste á lorg ag an CNCM
Traenáil Chosaint Leanaí do Stiúrthóirí Naíonraí Úra
As na Nuachtáin: 100,000 more pupils in our primary schools by next decade
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge