Tá deontas de luach €42,000 ceadaithe ag an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta & Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD do Chomhairle Contae na Gaillimhe le hoibreacha cothabhála a dhéanamh ar Ché Inis Oírr.
Clúdóidh an deontas seo 75% de na hoibreacha a bheidh le déanamh ar an gcé. I measc na n-oibreacha sin beidh mullaird agus baoithe nua, péinteáil agus lámhráillí nua agus cuirfear saoráid loingseoireachta in airde.
Feabhsóidh na hoibreacha seo na háiseanna poiblí ar an oileán go mór, rud a bheidh tionchar mór aige ar thurasóireacht sa cheantar áitiúil.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
Sparánachtaí taighde á n-ofráil ag COGG do mhic léinn M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge
Aiseolas maidir le Béaltriail na hArdteiste á lorg ag an CNCM
Traenáil Chosaint Leanaí do Stiúrthóirí Naíonraí Úra
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge