Tá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nach leor uimhreacha reatha Choláiste Chineál Eoghain, ina bhfuil 34 dalta i láthair na huaire agus 17 cláraithe le tosú ann ag tús na scoilbhliana seo chugainn, le maireachtáil mar ionad oideachais neamhspleách.
D'oscail an gaelcholáiste sa bhliain 2007 le hoideachas lán-Ghaeilge iar-bhunscoile a sholáthar d'iardhaltaí na Gaelscoile áitiúla, Gaelscoil Bhun Cranncha, agus do phobal na Gaeilge i nDoire. Tá ardú leanúnach ar uimhreacha na Gaelscoile le blianta beaga anuas agus tá iarrtha ag Gaelscoileanna Teo, Coiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus Coláiste Chineál Eoghain ar an Roinn Oideachais deis a thabhairt don ghaelcholáiste freastal ar líon ard dhaltaí reatha na Gaelscoile agus an gaelcholáiste a fhorbairt mar thoradh.
"Tá géarghá le stádas Choláiste Chineál Eoghain a chosaint agus gach deis a thabhairt don scoil fás agus forbairt" a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. "Aithnímid an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht láidir scoileanna agus le húsáid éifeachtach acmhainní an Stáit i leith soláthar scolaíochta, ach tá an cinneadh seo ag teacht roimh am.
Tá 3 rogha leagtha amach ag an Roinn do Ghaelcholáiste Chineál Eoghain: Dúnadh go céimiúil, aistriú go hAonad faoi stiúir iar-bhunscoil lán-Bhéarla áitiúil, nó an rogha a bheith ag na daltaí freastal ar Choláiste Ailigh, Litir Ceanainn, atá níos mó na 30 ciliméadar ó Bhun Cranncha.
Ach tá imní léirithe faoi chinneadh ar bith a bheadh contúirteach do thodhchaí an ghaelcholáiste agus an drochthionchar a bheadh aige sin ar lucht gaelscolaíochta an cheantair mura soláthraítear rogha oideachas iar-bhunscoile lán-Ghaeilge. Dúirt Ní Ghréacháin, "Tá tiomantas léirithe ag pobal Inis Eoghain don scolaíocht lán-Ghaeilge agus bheadh sé tubaisteach dá gcuirfí deireadh le hinstitiúid ag croílár an phobail. Bheadh dúnadh na scoile in éadan gach gealltanais atá déanta ag an Stát i leith tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Iarraimid ar an Roinn am breise a thabhairt don scoil feasacht faoin scoil a ardú agus í a chur chun cinn sa phobal le go mbeidh uimhreacha inmharthana acu."
Tá ráite freisin go mbeadh impleachtaí i ndán don ghaelcholáiste dá n-aistreofaí ina aonad é i dtaobh freastal trasteorann agus gur fiú don Rialtas cás Ghaelcholáiste Cineál Eoghain a úsáid mar dheis comhoibriú trasteorann a chur chun cinn de réir a dhualgais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus freastal a dhéanamh ar phobal leathan scoile.
Tá achomharc ar chinneadh na Roinne déanta ag Coiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall ar son na scoile, agus síneadh á lorg acu d’aitheantas sealadach do Choláiste Chineál Eoghain. Fógrófar toradh an achomhairc go luath.
© Foilsithe ar Gaelport.com 7 Bealtaine 2013
Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:
Riachtanais na Gaeilge san Oideachas le plé ag Comhdháil COGG
Sparánachtaí taighde á n-ofráil ag COGG do mhic léinn M. Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge
Traenáil Chosaint Leanaí do Stiúrthóirí Naíonraí Úra
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge