Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin le seoladh i mBaile Átha Cliath

$
0
0
Seolfar 'Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin' ag deireadh na comhdhála 'Mo Ghnósa Leas an Dáin', in ómós do Mháirtín Ó Direáin, amárach 17 Bealtaine.

Is í an tOllamh Máirín Nic Eoin a sheolfaidh an leabhar mar chuid den chomhdháil, eagraithe ag Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith agus an Dr. Meidhbhín Ní Úrdail faoi stiúr Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta de chuid an Choláiste Ollscoile. Beidh an ócáid ag tosú ag 5 i.n. i seomra caidrimh na foirne (B104) in Áras Newman.

Tríocha bliain i ndiaidh bás Sheán Uí Riordáin, cuireadh an leabhar seo le chéile mar mhaithe le comóradh a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar. Curtha le chéile ag an Dr. Liam Mac Amhlaigh agus an Dr. Caoimhín Mac Giolla Léith, déanann an leabhar anailís ar shaothar an Ríordánaigh, trí aistí suntasacha agus sraith léachtaí eagraithe ag foireann na Nua-Ghaeilge Scoil na Gaeilge a sníomh le chéile.

Tá 'Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin' foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht, agus ar fáil ar a suíomh www.cic.ie anois.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéís agat sna scéalta a leanas:

Athdhréachtú ar cheantair phleanála teanga fógartha ag an Roinn EOG

As Na Nuachtáin: Cuisle an cheoil agus an cultúr

As Na Nuachtáin: Blian Na Gaeilge Traditional Music Concert - Trá Mhór

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>